Acmhainn chumarsáide foilsithe ag Oifig an Rialaitheora Pleanála chun an pobal a spreagadh a bheith páirteach sa phróiseas plean forbartha

 

D’fhoilsigh Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) acmhainn chuimsitheach chumarsáide inniu atá dírithe ar chuidiú le húdaráis áitiúla an pobal a spreagadh a bheith páirteach tuilleadh sa phróiseas a bhaineann leis an bplean forbartha.

Dar teideal Entitled “Increasing Public Engagement in Local Authority Development Plans – A Communications Toolkit,” tá noda, comhairle agus moltaí praiticiúla ar fáil chun rannpháirtíocht níos mó ón bpobal a spreagadh nuair a bhíonn plean forbartha cathrach/contae á fhorbairt.

Tarraingítear ar na dea-chleachtais atá á gcleachtadh cheana féin ag go leor údaráis áitiúla agus luaitear samplaí ar leith a d’oibrigh go maith ar fud na tíre.

Pléitear mar chuid den acmhainn conas plé go héifeachtach leis na meáin, leis an leas is fearr a bhaint as na meáin shóisialta, na bealaí is fearr chun caidreamh díreach a chothú, rannpháirtíocht an dream óig, inrochtaineacht  agus brandáil.

Maidir leis an acmhainn nua dúirt Niall Cussen, an Rialaitheoir Pleanála,

“ Le go mbeidh feasacht ag an bpobal ar phleananna agus go mbeadh úinéireacht acu orthu, tá sé ríthábhachtach go spreagfaí leibhéal ard idirghníomhaíochta nuair a bheadh na pleananna sin á n-ullmhú. Nuair a dhéantar ionchur sna pleananna forbartha  a leathnú, cinntítear go bhfuil tuiscint níos fearr ar na nithe atá tábhachtach do shaoránaigh agus ar nithe ar leas leo agus dá réir sin ceaptar pleananna atá de réir mhianta an phobail.

Tugann na bearta a leagtar amach sa cháipéis seo chun solais go leor samplaí de dhea-chleachtas i dtaobh rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas pleanála chun cinn ar fud na hearnála údaráis áitiúil.  Beidh siad seo níos tábhachtaí fós chun pleanáil i gcathracha, bailte, agus i gceantair thuaithe a chumasú amach anseo. Leis an tsraith uirlisí seo a fhoilsiú, tá an Oifig ag spreagadh tuilleadh údarás áitiúil le samplaí de dhea-chleachtas a leanúint – cleachtais atá tagtha chun cinn chun a chinntiú go mbeidh baint ag an bpobal le pleanáil agus forbairt a bpobail amach anseo.

Léigh an acmhainn>>

Leanfaidh an OPR i mbun caidrimh le foireann agus baill na n-údarás áitiúil agus comhlachtaí eile chomh maith leis an bpobal i gcoitinne d’fhonn dea-chleachtais  agus bealaí a aithint chun modhanna cumarsáide nuálacha a chur chun cinn.