An Córas Pleanála fós Oscailte le haghaidh Gnó

Tá sé deimhnithe ag Eoghan Murphy, T.D, an tAire Talmhaíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil inniu go bhfuil na córais rialála tógála agus pleanála fós ag feidhmiú.

Ní chuirfear na bearta a chuirfear tríd an Dáil inniu i ngníomh ach amháin más gá sin agus ní chuirfidh siad stad leis an gcóras pleanála. Is bearta réamhchúraim iad agus beidh cinneadh rialtais ag teastáil ina leith sula dtiocfaidh siad in éifeacht.

Tá gach iarracht á dhéanamh lena chinntiú gur féidir leis na córais seo leanúint ag feidhmiú ach aird á ghlacadh ar chomhairle sláinte poiblí.   Tá oifigí poiblí na n-údarás áitiúil agus Oifigí an Bhoird Pleanála oscailte.

Is féidir teacht ó chian ar go leor de na córais, an Córas Bainistíochta Rialála Tógála san áireamh, ar líonra an údaráis áitiúil agus i gcás pleanála tá córais bunaithe i bhfeidhm in go leor údaráis phleanála a bhféadfaí tuilleadh leasa a bhaint astu chun go bhféadfaidh daoine breathnú ar iarratais phleanála agus aighneachtaí a dhéanamh ar líne.

Lena chinntiú go bhfuil an tsolúbthacht is gá ann chun dul in oiriúint do na córais phleanála agus thógála le linn na héigeandála seo, tá roinnt forálacha sonracha san áireamh sa Bhille a chuirfear os comhair na Dála inniu.  Leis na forálacha atá beartaithe, tabharfar cumhachtaí don Rialtas, ar iarratas ón Aire, tréimhse shainithe a leagan amach lena ndéanfar síneadh a chur le hamlínte reachtúla faoi Achtanna éagsúla.

Léigh an ráiteas ar fad ANSEO.

Iarraimid ort freisin súil a chaitheamh ar láithreáin ghréasáin d’údaráis áitiúil chun teacht ar an eolas is déanaí maidir leis an tslí a bhfuil an t-údarás ag cur seirbhísí ar fáil don phobal le linn éigeandáil COVID-19.