An OPR ag leanúint lena chlár oiliúna do chomhaltaí údarás áitiúil

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) i gcomhar le hAontas Rialtais Áitiúil na hÉireann (AILG) ag leanúint lena chlár oiliúna do chomhaltaí tofa na n-údarás áitiúil.

Is é cuspóir na hoiliúna ná eolas níos fearr a chur ar fáil do chomhaltaí tofa maidir leis an bpróiseas pleanála d’fhonn a gcuid ról agus freagrachtaí laistigh den chóras pleanála agus a gcuid feidhmeanna i ndáil le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a athdhearbhú.

Sa mhodúl atá le teacht, díreofar ar an bpróiseas pleanála. Tríd an oiliúint seo, cuirfear treoir ar fáil do chomhaltaí tofa maidir le mar is féidir oibriú laistigh den chreat rialála. Chomh maith leis sin léireofar gur trí réimse leathan tuairimí ó chomhairlithe reachtúla, ón bpobal agus ó thorthaí ó mheasúnachtaí timpeallachta a fháil, go cuirtear le cinntí beartais a leagan amach atá comhsheasmhach le riachtanais rialála agus le beartais níos leithne agus atá láidir i gcás go mbeadh agóid dhlíthiúil ann. Déanfar na riachtanais faoi threoirlínte agus ordúcháin ón Aire, faoi bheartas an Rialtais agus faoi threoracha timpeallachta an Aontais Eorpaigh a iniúchadh sa chomhthéacs seo.

Cuir in Áirithe: Tríd an Rannóg um Sheirbhísí Corparáideacha i d’Údarás Áitiúil

Moltar áit a chur in áirithe go luath roimh ré

d4489ad9-16c1-4e8c-99ad-c39a6d2f6065