An Rialaitheoir Pleanála agus an Leas-Rialaitheoir Pleanála chun páirt a ghlacadh i sraith cúrsaí ar líne ó Institiúid Pleanála na hÉireann i ndáil le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)

Beidh an Rialathóir Pleanála, Niall Cussen agus an Leas-Rialaitheoir Pleanála a ceapadh le déanaí, Anne Marie O’Connor i measc na gcainteoirí a bheidh ag glacadh páirt i sraith imeachtaí oiliúna a bheidh ar siúil go gairid arna heagrú ag an IPI agus le tacaíocht ó Oifig an Rialaitheora Pleanála.

Sraith de cheithre chúrsa CPD ar líne a bheidh i gceist leis an oiliúint trína scrúdófar saincheisteanna éagsúla a bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leo maidir leis an ngairm pleanála sa lá atá inniu ann, is iad sin; Athghiniúint Uirbeach agus Comhfhorbairt Áite, Ag dul i nGleic le Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Measúnacht Chuí, Faisnéis i ndáil leis an Dlí do Lucht Pleanála agus Inmharthanacht agus Indéantacht i gCúrsaí Pleanála.

Is é Niall Cussen a chuirfidh tús leis an gcéad seisiún ina ndéanfar Athghiniúint Uirbeach agus Comhfhorbairt Áite a scrúdú. Dé hAoine an 24 Aibreán a bheidh an seisiún sin ar siúl.  Déanfaidh Anne Marie O’Connor cur i láthair maidir le Measúnacht Tionchair Timpeallachta mar chuid den dara seisiún an 1 Bealtaine.

Tá na cúrsaí ar fáil do gach foireann ghairmiúil pleanála atá ag obair i ranna pleanála ar fud údaráis áitiúla agus ar fud tionóil réigiúnacha cibé más comhaltaí den IPI iad nó nach ea.

Beidh siad ar siúl gach Aoine ar feadh ceithre seachtaine agus tá said saor in aisce.

Ba chóir do phleanálaithe na n-údarás áitiúil nó pleanálaithe na dtionól réigiúnach ar mian leo clárú do cheann ar bith de na cláir ar líne seo ríomhphost a sheoladh chuig info@ipi.ie

Sceideal

Seisiún a hAon – Dé hAoine an 24 Aibreán: Athghiniúint Uirbeach agus Comhfhorbairt Áite

Ionad: Seimineár Gréasáin via Zoom

Am: 10.00am go dtí 12.00pm

Áirítear a leanas ar na cainteoirí atá deimhnithe:

  • Fáilte agus Comhthéacs Niall Cussen, FIPI, An Rialaitheoir Pleanála, Oifig an Rialaitheora Pleanála.
  • An Dochtúir Conor Norton, MIPI, Uachtarán IPI & Ceann na Scoile Innealtóireachta Iompair, Timpeallachta & Pleanála, TU Baile Átha Cliath.
  • Deiric O’Broin, Ceann ar Fhiontar Sóisialta agus Ceann Gníomhach ar Chomhpháirteachas Poiblí, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
  • Sarah Newell, MIPI, (réamhthaifeadta) Comhairle Chathair agus Chontae Luimnigh.
  • Máire Cullinan, MIPI, Forbairt Gheilleagrach, Comhairle Chontae Mhuineacháin.

Seisiún a Dó: Dé hAoine an 1 Bealtaine – Ag dul i nGleic le Measúnacht Tionchair Timpeallachta agus Measúnacht Chuí

Ionad: Seimineár Gréasáin via Zoom

Am: 10.00am go dtí 12.00pm

Áirítear a leanas ar na cainteoirí atá deimhnithe:

Measúnacht Tionchair Timpeallachta – Anne Marie O’Connor, An Leas-Rialaitheoir Pleanála

Measúnacht Chuí – Gerry Clabby, Ceann an Aonaid um Measúnú Éiceolaíochta sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.

Seisiún a Trí: Dé hAoine an 8 Bealtaine – Faisnéis i ndáil leis an Dlí do Phleanálaithe

Ionad: Seimineár Gréasáin via Zoom

Am: 10.00am go dtí 12.00pm

Áirítear a leanas ar na cainteoirí atá deimhnithe:

Eamon Galligan, Abhcóide Sinsearach

Rachel Minch, Páirtí, Philip Lee, aturnaetha

Seisiún a Ceathair: Dé hAoine an 15 Bealtaine – Inmharthanacht agus Indéantacht i gCúrsaí Pleanála

Ionad: Seimineár Gréasáin via Zoom

Am: 10.00am go dtí 12.00pm

Áirítear a leanas ar na cainteoirí atá deimhnithe:

Mary Mac Mahon, John Spain Associates, Sainchomhairleoirí Pleanála agus Forbartha

Jerry Barnes, MacCabe Durney Barnes, Sainchomhairleoirí Pleanála