An t-eolas is déanaí ar seirbhísí an OPR maidir le COVID-19

Tá go leor dúshlán cruthaithe ag an ráig den choróinvíreas d’eagraíochtaí maidir le leanúint dá gcuid seirbhísí a chur ar fáil.  Mar sin féin, tuigimid nach mór dúinn leanúint de dhul i mbun ár gcuid feidhmeanna don phobal agus dár gcustaiméirí i gcomhréir lenár mandáid reachtúil, agus sláinte agus sábháilteacht na foirne a chinntiú ag an am céanna trí chomhairle agus beartais cosanta an Rialtais a leanúint i ndáil le sláinte phoiblí.

Tá atheagrú déanta ar an bhfoireann trí úsáid a bhaint as socruithe oibre solúbtha i gcomhréir le socruithe níos leithne na hearnála poiblí agus cé nach eagraíocht sin a bhfuil oifig don phobal againn, leanfaimid de bheith ar fáil dár gcustaiméirí go léir:

Ar an teileafón: 01 553 02 70

Ar an Ríomhphostinfo@opr.ie

Láithreán Gréasáin: www.opr.ie

Posta: An Ceathrú hUrlár (An Sciathán Thiar), Teach na Páirce, 191-193A An Cuarbhóthar Thuaidh, Baile Átha Cliath 7, D07 EWV4

Ag an tráth seo, measaimid nach mbeidh ach cur isteach beag ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil agus gabhaimid ár mbuíochas le gach duine a bhíonn ag brath ar ár gcuid seirbhísí as comhoibriú linn ag an am dúshlánach seo.

Niall Cussen, An Rialaitheoir Pleanála