Cruinniú de chuid an Ghrúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta

Reáchtáladh an dara cruinniú de chuid an Ghrúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta (NPKG)  an 4 Márta 2020. Is é cuspóir an NPKG gníomhú mar choiste comhairleach d’Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) chun sainordú reachtúil an OPR a bhaint amach i ndáil le feidhmeanna oideachais, taighde agus oiliúna. Cuimsítear san NPKG ionadaíocht ó na hInstitiúidí Ardoideachais (HEI), eagraíochtaí neamhrialtasacha (NGOnna), institiúidí pleanála, eagraíochtaí rialtais, ranna agus ionadaithe ó údaráis phleanála.

Pléadh roinnt ábhar ag an gcruinniú lena n-áirítear inter alia:

  • moltaí maidir le feidhm taighde agus oiliúna an OPR a fhorbairt agus a chur chun cinn,
  • tionscnaimh an OPR maidir le rannpháirtíocht agus for-rochtain pobail de chuid an OPR lena n-áirítear comhurraíocht a dhéanamh ar eagrán den Eco Eye maidir le Pleanáil Spásúlachta Inbhuanaithe
  • Leabharlann Pleanála an OPR a athstruchtúrú chun inúsáidteacht na saoráide a fheabhsú agus cuidiú le heolas pleanála ríthábhachtach a scaipeadh
  • tuarascáil taighde uimh. 13 a choimisiúnaigh an RTPI in 2016 “Clár taighde pleanála a fhorbairt d’Éirinn” agus na moltaí atá ar fáil inti.

Chomh maith leis sin thug Justin Gleeson, stiúrthóir an Ionaid Breathnaithe um Thaighde Uile-Éireann (AIRO) ag Ollscoil Mhá Nuad cur i láthair an-eolasach don NPKG faoin uirlis ghréasáin maidir le Leochaileacht Comhshaoil a Léarscáiliú atá maoinithe ag an nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (EPA).

Le linn plé oscailte, chuir comhaltaí an NPKG moltaí ar fáil don OPR a bhí thar a bheith léirsteanach agus eolasach maidir leis an mbealach ina bhféadfaí riachtanais taighde agus oiliúna a bhaint amach. D’aithin siad réimsí a d’fhéadfadh an OPR a iniúchadh amach anseo.

Is i mí an Mheithimh a bheidh an chéad chruinniú eile de chuid an Ghrúpa Eolais um Pleanáil Náisiúnta ar siúl.