Cur i láthair déanta ag an Rialaitheoir Pleanála agus an Leas-Rialaitheoir Pleanála mar chuid de shraith cúrsaí ar líne ó Institiúid Pleanála na hÉireann i ndáil le Forbairt Ghairmiúil Leanúnach (CPD)

Tá caint tugtha ag an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen agus an Leas-Rialaitheoir Pleanála, Anne Marie O’Connor mar chuid den chéad dá imeacht oiliúna ar líne arna n-eagrú ag an IPI agus le tacaíocht ó Oifig an Rialaitheora Pleanála.

Sraith ceithre chúrsa CPD ar líne atá san oiliúint a thosaigh an 24 Aibreán ina scrúdaítear na saincheisteanna éagsúla a bhfuil tábhacht ar leith leo ó thaobh ghairm na pleanála.  Bhí an-tóir ar an gcéad dá imeacht agus d’fhreastail suas le cúpla céad duine ar an dá sheisiún ar líne.

Dé hAoine an 24 Aibreán, chuir an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen, an chéad seisiún i láthair nuair a labhair sé ar Athghiniúint Uirbeach agus Comhfhorbairt Áite. I measc na saincheisteanna ar thagair sé dóibh, tá an gá atá le tuairimíocht, eolas agus scileanna nua nuair a bhítear ag ullmhú Straitéisí Athghiniúna Uirbí agus Comhfhorbartha Áite agus á gcur i bhfeidhm.

Inniu an 1 Bealtaine rinne an Leas-Rialaitheoir Pleanála Anne Marie O’Connor cur i láthair ar Mheasúnú Tionchair Timpeallachta (EIA). Ina cuid cainte phléigh sí ábhair mar EIA agus nádúr athraitheach na pleanála, an difear idir Treoir EIA agus Treoir maidir le Gnáthóga agus riachtanais scagtha agus réamhscagtha.

Léigh cur i láthair Niall

Léigh cur i láthair Anne Marie

Tá dhá sheisiún fanta a bheidh ar siúl an Aoine an 8 Bealtaine agus an Aoine an 15 Bealtaine faoi seach.

Tá na cúrsaí ar fáil do gach foireann ghairmiúil pleanála atá ag obair i ranna pleanála ar fud údaráis áitiúla agus ar fud tionóil réigiúnacha cibé más comhaltaí den IPI iad nó nach ea. Tá siad ar fáil saor in aisce.

Ba chóir do phleanálaithe na n-údarás áitiúil nó pleanálaithe na dtionól réigiúnach ar mian leo clárú do cheann ar bith de na cláir ar líne seo ríomhphost a sheoladh chuig info@ipi.ie

Sonraí maidir leis na seisiúin atá fanta:

Seisiún a Trí: Dé hAoine an 8 Bealtaine – Faisnéis i ndáil leis an Dlí do Phleanálaithe

Suíomh: Seimineár Gréasáin via Zoom

Am: 10.00am go dtí 12.00pm

Áirítear a leanas ar na cainteoirí atá deimhnithe:

  • Cathaoirleach: Yvonne McMahon, Pleanálaí Baile & Bainisteoir Tionscadal i McArdle Doyle
  • Eamon Galligan, Abhcóide Sinsearach
  • Rachel Minch, Páirtí, Philip Lee, aturnaetha

Seisiún a Ceathair: Dé hAoine an 15 Bealtaine – Inmharthanacht agus Indéantacht i gCúrsaí Pleanála

Suíomh: Seimineár Gréasáin via Zoom

Am: 10.00am go dtí 12.00pm

Áirítear a leanas ar na cainteoirí atá deimhnithe:

  • Cathaoirleach: Mary Mac Mahon, MIPI, John Spain Associates.
  • Jerry Barnes, MIPI, MacCabe Durney Barnes
  • Paul Mitchell, MRICS, Stiúrthóir agus Comhbhunaitheoir Comhairleoirí Tógála Mitchell McDermott.