Léiriú tugtha ar an gclár teilifíse Eco Eye faoi mar is féidir feabhas a chur ar shláinte agus folláine le dea-phleanáil

Tá clár den tsraith timpeallachta is faide ar an bhfód anseo in Éirinn, Eco Eye, ina mbreathnaítear ar mar is féidir feabhas a chur ar shláinte agus folláine  le dea-phleanáil spásúlachta. Chomh maith leis sin, déantar trácht sa chlár faoi mar is féidir turais fhada chun na hoibre a laghdú, cuidiú lenár lorg carbóin a laghdú agus cuidiú le beocht a chur ar ais inár mbailte trí phleanáil éifeachtach a dhéanamh.

Craoladh an clár ar RTÉ 1 an 28 Eanáir.

Duncan Stewart a chuir an clár i láthair, a rinneadh i gcomhar le hOifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) agus Éire Shláintiúil.

Leagadh béim faoi leith ar an dea-chleachtas sa dea-phleanáil agus rinneadh trácht ar shamplaí in Éirinn ina gcuirtear pleanáil ar fáil do phobail.

Labhair saineolaithe sa phleanáil spásúlachta ar an gclár, ar nós an Dr Conor Norton, Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, mar aon le daoine atá ag obair chun beocht agus fuinneamh a chur ar ais i mbailte ar nós Eugene Cummins, Príomhfheidhmeannach Chomhaire Chontae Ros Comáin.

Sa ghrianghraf thuas tá an Dr Kate O’Flaherty, Ceann na Sláinte agus na Folláine, Éire Shláintiúil, in éineacht le Duncan Stewart, láithreoir Eco Eye.