slide background

Maidir le hOifig an Rialálaí Pleanála

An Córas Pleanála in Éirinn

Déantar foráil san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú):

“ar mhaithe le leas an phobail le haghaidh pleanála cuí agus forbartha inbhuanaithe”.

Faoin Acht, tá ceithre phríomhchuid i bpróiseas pleanála na hÉireann.

  1. Ceapadh Pleananna: Ullmhú, ag an Rialtas agus ag an gcóras rialtais áitiúil, ag leibhéil náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, polasaithe fadtéarmacha chun forbairt a mhúnlú agus a threorú ar mhaithe le leas an phobail, lena n-áirítear infheistíocht phoiblí agus phríobháideach agus foirceannadh cinntí aonair pleanála;
  2. Measúnú Iarratais agus Achomhairc Pleanála: is gá cead foirmiúil pleanála i leith fhormhór na gníomhaíochta forbartha in Éirinn a fháil ón údarás cuí pleanála nó, i roinnt cásanna móra nó sainiúla, ón mBord Pleanála;
  3. Forfheidhmiú Pleanála:dírithe ar chomhlíonadh na riachtanas cead pleanála, lena n-áirítear caingne dlí ag údaráis pleanála i gcásanna neamhchomhlíonta acu sin atá ag gabháil don fhorbairt bhainteach; agus;
  4. Maoirseacht: a dhéanamh ar an bpróiseas pleanála ag leibhéal údarás pleanála trí Oifig an Rialaitheora Pleanála, a dhéanann anailís ar phleanáil an rialtais áitiúil ag leibhéal réigiúnach agus áitiúil agus ar na córais agus gnáthaimh fhoriomlána a úsáideann an 31 údarás pleanála agus an Bord Pleanála.

Tá achoimre mhaith ar fheidhm na pleanála sna 10 bPrionsabal Náisiúnta Pleanála ón Ráiteas Polasaí Pleanála Náisiúnta (2015) in Aguisín 1.

Pleanáil i gComhpháirt ag Leibhéal Náisiúnta, Réigiúnach agus Áitiúil

Cuireann an Rialtas creat leathan reachtúil agus polasaí pleanála ar fáil ina socraítear an comhthéacs chun seirbhísí pleanála a chur ar fáil sna 31 údarás pleanála agus sa Bhord Pleanála.

Reachtaíocht pleanála

Is san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2018 go príomha atá reachtaíocht pleanála leagtha amach.

Is iad na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001 go 2018  na príomhrialacháin atá mar bhonn agus taca ag na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. Déantar nuashonrú rialta ar na rialacháin seo chun athruithe reachtúla a chur i bhfeidhm ar ghnéithe mionsonraithe den fheidhmiú.

Le cois na nAchtanna, féadann an tAire Treoirlínte Pleanála a eisiúint faoi Alt 28 den Acht agus faoi Threoracha Polasaí faoi Alt 29 den Acht, a gcaithfidh údaráis phleanála a thabhairt dá n-aire agus iad i mbun a bhfeidhmeanna pleanála.

Faoi Alt 30 den Acht, cuirtear coisc ar an Aire tionchar a imirt ar aon chás nó achomharc pleanála sainiúil atá roimh údarás pleanála nó roimh an mBord Pleanála.

Faoi Alt 31 den Acht, áfach, féadann an tAire Treoracha a thabhairt d’údaráis phleanála nó do thionóil réigiúnacha maidir lena bhfuil ina bpleananna reachtúla forbartha agus ina straitéisí réigiúnacha agus eacnamaíochta.

Déanann Oifig an Rialaitheora Pleanála measúnú neamhspleách ar phleananna forbartha, ar phleananna áitiúla agus ar straitéisí réigiúnacha spásúlachta agus eacnamaíochta agus cuireann sí an tAire ar an eolas maidir le haon treoir a bheadh de dhíth chun riachtanais polasaí agus reachtaíochta a chomhlíonadh.

An Creat Náisiúnta Pleanála

Is é an Creat Náisiúnta Pleanála (CNP) creat pleanála reachtúil straitéiseach an Rialtais chun forbairt na tíre i dtéarmaí eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil a threorú. Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an CNP trí phleananna forbartha áitiúla agus straitéisí spásúlachta réigiúnacha agus eacnamaíochta.

Foilsíodh an Plean Náisiúnta Forbartha 2018-2027 i gcomhar leis an CNP agus leagtar amach ann an infheistíocht chaipitil a bheidh de dhíth chun an CNP a fheidhmiú.

Pleanáil Réigiúnach

Foráiltear san Acht um Rialtas Áitiúil 2014  le haghaidh gné réigiúnach de rialtas áitiúil in Éirinn agus roinntear na húdaráis ina dtrí thionól réigiúnacha:

  • Tionól Réigiúnach an Tuaiscirt agus an Iarthair;
  • Tionól Réigiúnach an Deiscirt; agus
  • Tionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre.

Ceapann tionóil réigiúnacha, i measc feidhmeanna eile, straitéisí réigiúnacha spásúlachta agus eacnamaíochta trína gcomhordaítear na pleananna forbartha chomh maith le pleananna áitiúla eacnamaíochta agus pobail na n-údarás áitiúil. Is comhairlí reachtúil é an Rialálaí Pleanála sa phróiseas ullmhaithe straitéisí réigiúnacha.

Pleananna Forbartha agus Pleananna Ceantair Áitiúla

Is é an plean forbartha príomhdhoiciméad polasaí an údaráis áitiúil i dtaca le pleanáil de. Is feidhm de chuid bhaill thofa an údaráis áitiúil é ceapadh plean forbartha. Leagtar amach sa phlean forbartha bunstraitéis fhoriomlán agus cuspóirí sainiúla i gcomhair phleanáil chuí agus fhorbairt inbhuanaithe cheantar feidhmiúil uile an údaráis áitiúil. Is é atá sa phlean ráiteas scríofa ina leagtar amach polasaithe an chontae agus mapaí ina léirítear zónálacha le haghaidh cineálacha éagsúla forbartha, mar shampla, cónaitheach, tionsclaíoch agus saoráidí amhail páirceanna. Is comhairlí reachtúil anois é an Rialálaí Pleanála i leith gach plean forbartha.

Pleananna Ceantair Áitiúla

Tá údaráis áitiúla freagrach freisin as pleananna ceantair áitiúla (PCA) a fhorbairt. Tá PCA cosúil le plean forbartha ach cuirtear ar fáil ann creat polasaí pleanála atá dírithe go háitiúil agus é níos mionsonraithe. Is feidhm de chuid bhaill thofa an údaráis áitiúil é ceapadh plean ceantair áitiúil.

Caithfear PCA a cheapadh le haghaidh aon bhaile mór ainmnithe dar daonra breis agus 5,000 duine. Is féidir CAP a athbhreithniú nó a leasú am ar bith, a fhad is go leanann an t-údarás áitiúil na gnásanna comhairliúcháin phoiblí ata leagtha amach sna hachtanna pleanála.

Caithfidh Pleananna Ceantair Áitiúla a bheith ar aon dul le cuspóirí agus polasaithe pleananna forbartha contae agus cathrach atá níos straitéisí le cois ceisteanna polasaí náisiúnta agus réigiúnacha a eascraíonn as an gCreat Náisiúnta Pleanála, Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta ina bhfuil pleananna forbartha áitiúla.

Cead Pleanála

Sna hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, sainmhínítear forbairt mar ‘déanamh aon obair ar, in, thar nó faoi thalamh nó aon athrú ábharach a dhéanamh ar úsáid aon struchtúr nó talamh eile’.

Caithfear cead pleanála a fháil ón údarás pleanála áitiúil nó i roinnt cásanna straitéiseacha níos mó, ón mBord Pleanála, sular féidir, seachas mionfhorbairtí ar a dtugtar forbairt dhíolmhaithe, a thosú.

Nuair a bhíonn cead pleanála á mheas, caithfidh an t-údarás pleanála a chinntiú go bhfuil an fhorbairt ag cur le polasaithe agus cuspóirí an phlean forbartha, cé go bhfuil d’acmhainn ag an mBord Pleanála forbairtí a fhaomhadh nach mbeadh iomlán comhsheasmhach le polasaithe pleanála áitiúla ach atá ag cur le polasaithe náisiúnta.

Tá cead pleanála de dhíth freisin má bhíonn athrú ábharach úsáide ann (mar shampla, athrú ó asraon miondíola go bialann beir leat).

Is é an Príomhfheidhmeannach nó an t-oifigeach ainmnithe atá i gceannas ar phleanáil in údaráis áitiúla a dhéanann an cinneadh ar iarratais pleanála a chuirtear faoi bhráid údarás áitiúil.

Is é Bord an Bhoird Pleanála, arna cheapadh ag an Aire, a dhéanann an cinneadh ar achomhairc agus ar iarratais a chuirtear faoi bhráid an Bhoird.

Is iondúil go mbíonn cead pleanála bailí ar feadh cúig bliana agus d’fhéadfaí iarratais mhóra a fhaomhadh go ceann tréimhse 10 mbliana.

Comhairliúcháin Réamh-Iarratais

Daoine ar spéis leo píosa talún agus a bhfuil rún acu iarratas pleanála a chur isteach, féadann siad dul i gcomhairle leis an údarás pleanála faoi aon fhorbairt mholta a bhaineann leis an talamh agus féadann an t-údarás pleanála comhairle a thabhairt dóibh faoin iarratas molta.

Tá comhairliúcháin réamh-iarratais tábhachtach go leor chun a chinntiú go n-éiríonn le hiarratais sa mhéid go dtugtar deis don údarás áitiúil a mhíniú d’iarratasóirí cén cineál forbartha ar dócha í a bheith inghlactha de réir an phlean áitiúil. Tá d’iallach ar údaráis áitiúla taifead scríofa a choinneáil de chomhairliúcháin a bhaineann le forbairt mholta. Coinnítear an taifead seo leis na doiciméid a bhaineann leis an iarratas pleanála siúd nó le haon iarratas a dhéantar ina dhiaidh sin.

Forfheidhmiú

Féadann údaráis pleanála gníomh forfheidhmiúcháin a dhéanamh i gcoinne aon fhorbairt neamhúdaraithe. Is é is forbairt neamhúdaraithe ann, forbairt nach bhfuil díolmhaithe nó nach gcomhlíonann cead pleanála agus na coinníollacha a ghabhann leis.

An Bord Pleanála agus Achomhairc Pleanála

Is féidir le duine ar bith achomharc in aghaidh cinneadh de chuid údarás áitiúil pleanála cead pleanála a thabhairt nó a dhiúltú, a fhad is go gcuireann siad tuairimí ar an iarratas faoi bhráid an údaráis pleanála. Is féidir achomhairc céad pháirtí (is é sin á chur isteach ag an iarratasóir) nó tríú páirtí (ag duine nó ag eagras ar spéis leo é) a dhéanamh.

Is faoi bhráid an Bhoird Pleanála, a bhfuil méadú suntasach tagtha ar a réimsí tagartha agus a fheidhmeanna le deich mbliana anuas, a chuirtear achomharc pleanála. Is iondúil go mbreithníonn an Bord achomhairc ionann is gur faoina bhráid siúd a cuireadh an t-iarratas ar dtús agus glacann a chinneadh áit chinneadh an údaráis pleanála.

Ni hionann agus údarás pleanála, féadann an Bord cead pleanála a thabhairt i leith forbartha a sháraíonn go hábharach an plean áitiúil faoi choinníollacha áirithe, mar shampla, má mheastar tábhacht straitéiseach a bheith leis an bhforbairt. Féadann an Bord freisin éisteacht ó bhéal a thionól faoin iarratas, mar a dhéanann sé go forleathan le bonneagar straitéiseach nó le forbairtí móra.

Bonneagar Straitéiseach agus Zóin Forbartha Straitéisí

Faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt (Bonneagar Straitéiseach) 2006, cuirtear iarratais ar chead tionscadail straitéiseacha bonneagair go díreach faoi bhráid an Bhoird Pleanála seachas tríd an bpróiseas áitiúil pleanála toisc gur minic a bhíonn dhá údarás pleanála nó níos mó i gceist. Ciallaíonn bonneagar straitéiseach forbairtí a bhfuil tábhacht eacnamaíochta nó shóisialta leo maidir leis an Stát nó leis an réigiún ina mbeidh siad suite.

Féadann an Rialtas Criosanna Forbartha Straitéisí (CFS) a ainmniú mar cheantair a bhfuil tábhacht eacnamaíochta nó shóisialta leo maidir leis an Stát.

I gceantair den chineál seo, tugtar sainordú do ghníomhaireachtaí ainmnithe forbartha, lena n-áirítear údaráis áitiúla, faoin Acht um Pleanáil scéimeanna pleanála a ullmhú atá faoi réir faomhadh baill nó comhairleoirí áitiúla thofa nó, más ann d’achomharc, an Bhoird Pleanála.

Is eiseamláir é den phróiseas CFS Ceantar na nDugaí i mBaile Átha Cliath, ina raibh leibhéal ard athnuachana, athghiniúna agus forbairt oifige agus chónaithe ó ainmníodh iad ina gCrios Forbartha Straitéisí.

Oifig an Rialaitheoir Pleanáil, Márta 2019

Aguisín 1: Ráiteas Náisiúnta Polasaí Pleanála (2015) Cuspóirí Pleanála

  1. Ní mór don phleanáil a bheith faoi stiúir pleananna agus bunaithe ar fhianaise ionas go gcomhoibreoidh an Rialtas, údaráis áitiúla agus pobail áitiúla, ag an leibhéal cuí, de réir an Chreata Náisiúnta Pleanála, Straitéisí Réigiúnacha Spásúlachta agus Eacnamaíochta, Pleananna Forbartha Cathrach agus Contae agus Pleananna Ceantair Áitiúla chun fís stuama a leagan amach maidir le todhchaí ár dtíre.
  2. Ní mór don phleanáil a bheith ar chúl agus ag tacú go réamhghníomhach le forbairt inbhuanaithe, ag comhtháthú a gnéithe eacnamaíochta, sóisialta agus comhshaoil ag an gcéim is luaithe chun bailte, spás gnó agus fostaíochta, bonneagar agus ionaid bheoga uirbeacha agus thuaithe a chur ar fáil ar bhonn marthanach, eacnamaíoch a chuirfidh bonn faoin téarnamh agus faoinár rachmas feasta.
  3. Baineann an phleanáil le pobail a chruthú agus pobail reatha a fhorbairt a thuilleadh ar dhóigh inbhuanaithe trí dhearadh uirbeach ardchaighdeáin a chinntiú trí dhearadh, seachadadh agus comhordú forbairtí nua a chuireann ar fáil ardchaighdeán maireachtála do gach duine a úsáidfidh an talamh agus na foirgnimh faoi láthair agus amach anseo.
  4. Ní mór don phleanáil tacú leis an aistriú go todhchaí ísealcharbóin agus teacht in oiriúint d’aeráid atá ag athrú ag cur san áireamh go hiomlán baol tuilte agus ag éascú, de réir mar is cuí, úsáid acmhainní in-athnuaite, go háirithe forbairt acmhainní dúchais malartacha fuinnimh.
  5. Ní mór don phleanáil a chinntiú go n-éascaíonn agus go spreagann forbairt tuilleadh úsáide a bhaint as iompar poiblí le cois siúl agus rothaíocht a bheith níos tarraingtí ag daoine chun tacú le stíl mhaireachtála ghníomhach, fholláin trí fhorbairt a dhíriú, cibé áit ar féidir é, ar áiteanna ina bhfuil roghanna taistil níos inbhuanaithe.
  6. Is é a dhéanfaidh an pleanáil an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla a bhaint as talamh a forbraíodh cheana (athfhorbraíocht) seachas úsáid talamh glasbháin chun an úsáid is éifeachtaí a bhaint as bonneagar reatha chun inmharthanacht leanúnach pobail reatha a fheabhsú agus a neartú tríd an athghiniúint.
  7. Feabhsóidh an phleanáil ciall don áit dúchais laistigh de agus idir cathracha, bailte móra agus sráidbhailte agus ceantair thuaithe trína dtréithe inmheánacha agus a gcáilíochtaí aonair a aithint agus bearta a fheidhmiú leis na tréithe agus na cáilíochtaí sin a chosaint agus a fheabhsú.
  8. Caomhnóidh agus feabhsóidh an phleanáil cáilíochtaí saibhre oidhreacht nádúrtha agus cultúrtha na hÉireann ar dhóigh a fheileann dá suntas, ó shuíomhanna a ainmnítear go reachtúil go suíomhanna dar tábhacht áitiúil agus cáilíocht tírdhreacha a chaomhnú agus a bhainistiú a oiread agus is féidir ionas gur féidir sult a bhaint as na cáilíochtaí inmheánacha seo mar gheall ar an méid a chuireann siad uile le caighdeán na beatha ag an nglúin seo agus ag na glúnta atá le teacht.
  9. Tacóidh an phleanáil le cosaint agus feabhsú cháilíocht an chomhshaoil. ar dhóigh a chuireann le riachtanais caighdeáin bhainteacha náisiúnta agus Eorpacha trí fhorbairt a chur i dtreo na suíomhanna is fearr ó thaobh ardchaighdeáin uisce agus cáilíocht aeir, bithéagsúlachta agus íosmhéadú rioscaí truaillithe a chinntiú.
  10. Thar gach ní, rachfar i mbun na pleanála ar dhóigh a spreagann ardleibhéal muiníne as oscailteacht, cothroime, gairmiúlacht agus éifeachtacht an phróisis, mar a mbíonn deis ag daoine bheith rannpháirteach ag an leibhéal pleanála straitéisí agus iarratas aonair pleanála araon agus go ndéanfar cinntí i gcónaí atá ar mhaithe leis an leas coiteann agus atá tráthúil agus bunaithe ar eolas agus mar a mbíonn daoine cinnte go ndéanfar an forfheidhmiú cuí nuair nach gcomhlíontar riachtanais dlí.

Réamhrá

Tá réimse feidhmeanna ag Oifig an Rialaitheora Pleanála lena n-áirítear:

• measúnú neamhspleách a dhéanamh ar phleanáil chun cinn na n-údarás áitiúil agus na dtionól réigiúnach ar fad, lena n-áirítear na cinntí a dhéanann baill na-údarás áitiúil maidir le criosú i bpleananna limistéir áitiúil agus pleananna forbartha;

• athbhreithniú a dhéanamh ar an eagrúeagraíocht na córais agus na nósanna imeachta a úsáideann aon údarás pleanála nó An Bord Pleanála le haon cheann dá fheidhmeanna pleanála a chomhlíonadh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú), lena n-áirítear rioscaí éillithe agus de bhun gearáin ar leithligh ón bpobal; agus

• cláir náisiúnta taighde, oideachais agus faisnéise poiblí a bhrú chun cinn chun aird a tharraingt ar ról agus ar an mbuntáiste atá le pleanáil.

I gcomhlíonadh a fheidhmeanna, glacfaidh an OPR san áireamh an cuspóir atá aige cur le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe agus feidhmiú barrmhaith na pleanála faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, arna leasú.

Feidhmeanna Ginearálta an OPR

Déantar foráil fhorleathan le halt 31P den Acht maidir leis na feidhmeanna seo a leanas:

• taighde a dhéanamh, lena n-áirítear taighde arna iarraidh ag an Aire agus cláir oideachais agus oiliúna i réimse na pleanála a shocrú;

• athbhreithniú a dhéanamh ar chomhlíonadh fheidhmeanna an Bhoird agus na n-údarás pleanála;

• maoirseacht a dhéanamh ar sheachadadh éifeachtach seirbhísí pleanála na n-údarás pleanála;

• tuairisciú gach bliain maidir lena feidhmeanna féin a chur i gcrích;

• ráiteas straitéise a ullmhú;

• tuairimí a thabhairt, nuair is iomchuí, maidir le reachtaíocht pleanála, treoirlínte nó treoir, agus treoir nó ordacháin arna n-eisiúint ag an Aire; agus

• feidhmeanna breise de réir mar a shonraítear n Ordú ón Aire.

Mionsonru ar Fheidhmeanna an OPR

Pleananna Reachtúla agus Straitéisí, Measúnacht agus Measúnú

Is í an OPR atá i mbun fheidhm measúnachta reachtúla, measúnaithe agus breathnadóireachta ar phleananna forbartha, pleananna limistéir áitiúil chomh maith le straitéisí spáis agus eacnamaíochta réigiúnacha a bhí faoi chúram an Aire roimh an 3 Aibreán 2019. Beidh an tAire fós ina chomhairlí reachtúil.

Is gcásanna nach bhfuil plean nó straitéis ag teacht le tuairimí nó moltaí an OPR agus nach bhfuil an plean nó straitéis i gcomhréir le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe an cheantair, cuirfidh an OPR sin in iúl don Aire agus d’fhéadfadh an OPR a mholadh don Aire leas a bhaint as a chumhachtaí chun an t-ábhar a chur ina cheart.

Cuirfidh an OPR tuairimí agus moltaí chuig an údarás pleanála iomchuí maidir leis an bplean forbartha ag gach leibhéal den phróiseas ullmhúcháin agus cuirfidh sí cóipeanna chuig an Aire.

Leagfar amach i dtuarascáil an Phríomhfheidhmeannaigh i ndáil leis na céimeanna ábhartha den phróiseas pleanála forbartha, arna hullmhú do bhaill thofa, achoimre ar na saincheisteanna chomh maith le moltaí agus déanfar an tuarascáil a fhoilsiú ar an idirlín. Cuirfidh an tionól réigiúnach iomchuí cóip chuig an OPR d’aon tuairimí nó aighneachtaí a rinneadh le húdarás pleanála ag gach céim reachtúil den phróiseas déanta pleananna. Éilítear ar údarás pleanála ansin an OPR a chur ar an eolas (laistigh de 5 lá) sa chás, i dtuairim an Phríomhfheidhmeannaigh,  go ndearna an t-údarás áitiúil an plean ar bhealach nach raibh ag teacht le haon tuairim nó moltadh a bhi déanta ag an OPR, agus na cúiseanna a bhí le cinneadh an údaráis pleanála a thabhairt.

Maidir le measúnú an OPR ar straitéisí spáis agus eacnamaíochta réigiúnacha, cuirfidh an OPR tuairimí agus moltaí ag gach céim den phróiseas a bhaineann leis an straitéis  spáis agus eacnamaíochta réigiúnach chuig an tionól réigiúnach cuí agus cóipeanna a chur chuig an Aire.

I dTuarascáil an Stiúrthóra Tionóil Réigiúnaigh i ndáil leis na céimeanna ábhartha den phróiseas straitéise réigiúnaí, arna hullmhú do bhaill, beidh:

• achoimre ar na ceisteanna a tarraingíodh anuas sna haighneachtaí / moltaí a rinne an OPR;

• moltaí an Stiúrthóra maidir leis an mbealach ar cheart dul i ngleic leis na saincheisteanna agus moltaí sin a leagan amach, ag glacadh san áireamh an Straitéis Spáis Náisiúnta agus an creat pleanála straitéiseach fadtéarmach maidir le forbairt an réigiúin nó na réigiún, de réir mar is cuí, dá ndéantar é, de réir phrionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe; agus

• cuirfear ar láithreán gréasáin an tionóil réigiúnaigh í. Cuirfidh an tionól réigiúnach in iúl don OPR, sa chás i dtuairim an Stiúrthóra, go ndearna an tionól réigiúnach an straitéis ar bhealach nach raibh ag teacht le tuairimí nó moltaí an OPR, agus tabharfaidh na cúiseanna a bhí le cinneadh an tionóil réigiúnaigh.

I gcás gurb í tuairim an OPR nach bhfuil an plean nó straitéis a cuireadh i dtoll a chéile ag comhlíonadh an Achta Pleanála, agus nach bhfuil an plean nó straitéis ag teacht leis an gCreat Pleanála Náisiúnta agus leis an gcreat pleanála straitéisí fadtéarma maidir le forbairt an réigiúin nó na réigiún, eiseoidh an OPR (laistigh de 4 seachtaine ón dáta a rinneadh an straitéis) fógra ina mbeidh moltaí ann don Aire. Úsáidfidh an tAire a chumhachtaí/a cumhachtaí aireachta lena chinntiú go leagfar amach creat pleanála straitéisí fadtéarma sa phlean nó straitéis maidir le forbairt an réigiúin i gcomhréir le prionsabail na pleanála cuí agus na forbartha inchothaithe agus cuirfear dréacht-ordachán ar fáil freisin. Cuirfear cóip den fhógra a eisíodh chuig an Aire ar fáil ar láithreán gréasáin an OPR

I gcás nach n-aontaíonn an tAire leis an bhfógra ón OPR, beidh ar an Aire a chúiseanna nó a cúiseanna a chur in iúl agus na cúiseanna sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais agus na cúiseanna céanna a chur ar fáil ar láithreán gréasáin na Roinne. Ina theannta sin, cuirfear cóip de chúiseanna an Aire ar aghaidh chuig an OPR agus chuig an údarás pleanála iomchuí chomh maith len iad a chur ar láithreán gréasáin an OPR agus an údaráis pleanála iomchuí. Mar mhalairt air sin, sa chás go n-aontaíonn an tAire leis an bhfógra ón OPR, rachaidh an tAire ar aghaidh leis an dréacht-ordachán a eisiúint faoi alt 31 den Acht um Pleanáil agus Forbairt ag cur an dréacht-ordacháin a chuir an OPR isteach san áireamh. Leagtar amach san Acht na nósanna imeachta a bhíonn i gceist ina dhiaidh sin

Athbhreithniú ar na hÚdaráis Phleanála

Tá an chumhacht ag an OPR athbhreithnithe a dhéanamh ar a chomhairle féin nó ordú ón ar Aire.

Bainfidh na hathbhreithnithe a fhéadfaidh an OPR a dhéanamh leis na córais agus nósanna imeachta a d’úsáid údarás pleanála nó An Bord Pleanála i gcomhlíonadh feidhmeanna faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt. 

Féadfaidh an OPR duine údaraithe a cheapadh chun críocha athbhreithnithe (amhail saineolaí seachtrach a fháil). Féadfaidh an t-údarás pleanála atá faoi athbhreithniú, an Bord nó an tAire aighneacht a dhéanamh nó tuairim a thabhairt maidir leis an dréacht-tuarascáil athbhreithnithe a fuarthas ón OPR. Ní mór don OPR athbhreithniú a dhéanamh ar aon aighneacht nó tuairim a dhéantar sula gcuirfear an tuarascáil athbhreithnithe, a chaithfear a fhoilsiú ar láithreán gréasáin an OPR, i gcrích. I gcás moladh maidir leis an údarás pleanála sa tuarascáil athbhreithnithe, is féidir go n-áireofaí moladh go ndéanfadh an tAire a fheidhm nó a feidhm a fheidhmiú faoi na nithe seo a leanas:

• treoirlínte a bhaineann le halt 28 a eisiúint;

• treoir beartais a bhaineann le halt 29 a eisiúint;

• treoir beartais faoi fho-alt 255(2) a thabhairt; agus

• Coimisinéir a cheapadh faoi fho-alt 255(4) den Acht chun feidhmeanna uile, nó aon fheidhm amháin nó níos mó, an údaráis pleanála faoin Acht seo a chomhlíonadh agus a bheith freagrach go hiomlán astu. 

Féadfaidh an tAire athbhreithniú a iarraidh sa chás ina bhfuil an tAire den tuairim:

• go bhféadfadh sé nach bhfuil údarás pleanála ag comhlíonadh a fheidhmeanna de réir cheanglais an Achta seo;

• nach bhfuil údarás pleanála ag comhlíonadh treoirlínte arna n-eisiúint faoi alt 28, treorach arna heisiúint faoi alt 29, nó ordacháin arna n-eisiúint faoi alt 31;

• go bhféadfadh sé go bhfuil údarás pleanála ag cur caighdeáin mhíchuí de chleachtas riaracháin i bhfeidhm nó thairis sin go bhfuil sé contrártha do riaradh cóir nó fónta i seoladh a fheidhmeanna.

• go bhféadfadh sé go bhfuil idirdhealú sistéamach á chur i bhfeidhm ag údarás pleanála i seoladh a fheidhmeanna;

•  go bhféadfadh sé go bhfuil an t-údarás pleanála i mbun a chuid feidhmeanna ar bhealach míchuí nó go bhfuil riosca éillithe ag baint le seoladh a fheidhmeanna; nó 

• go bhfuil díbharainneachtaí nó mí-éifeachtúlachtaí

tromchúiseacha i seoladh a fheidhmeanna ag údarás

pleanála.

Feidhm na nGearán

Féadfaidh an OPR gearáin a chuirtear faoi bhráid na hoifige nó de réir mar a iarrfaidh an tAire, maidir leis an údarás pleanála a scrúdú sa chás go mbaineann an gearán sin le heagrú an údaráis pleanála agus na gcóras agus na nósanna imeachta a úsáideann an t-údarás i gcomhlíonadh a fheidhmeanna faoin Acht. 

Sa chás go dtagann an OPR ar an tuairim, tar éis réamhscrúdú a dhéanamh ar ghearán den sórt sin, gur cheart

scrúdú iomlán a dhéanamh ar an ngearán agus go bhféadfadh sé i ndáil leis an údarás pleanála:

• nach bhfuil sé ag comhlíonadh a fheidhmeanna de réir cheanglais an Achta seo;

• nach bhfuil sé ag comhlíonadh treoirlínte, treorach nó ordacháin;

• go bhfuil caighdeáin mhíchuí maidir le cleachtas riarachán á gcur i bhfeidhm aige nó cleachtais atá ag sárú riarachán cóir nó fónta;

• go bhfuil idirdhealú sistéamach á chur i bhfeidhm aige;

• go bhfuiltear ag feidhmiú ar bhealach míchuí nó go bhfuil riosca éillithe i gceist nó go bhfuil díbharrainneachtaí nó mí-éifeachtúlachtaí tromhchúiseacha i gceist le seoladh a fheidhmeanna;

ullmhóidh an OPR tuarascáil maidir leis an réamhscrúdú ansin, ina bhféadfadh a chuid moltaí maidir le gníomh breise a dhéanamh a bheith san áireamh, agus cuirfidh an OPR an tuarascáil chuig an údarás pleanála nó chuig an Aire nó chucu araon, nó chuig ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

• an tOmbudsman;

• an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí;

• an Garda Síochána; agus

• údaráis Stáit eile de réir mar a fhorordaítear.

I gcás moladh ón OPR, is féidir go n-áireofaí moladh go ndéanfadh an tAire a fheidhm nó a feidhm a fheidhmiú maidir le:

• treoracha, treoir beartais nó treoir faoin Acht um Pleanáil a eisiúint; nó

• Coimisinéir a cheapadh faoi fho-alt 255(4) den Acht chun feidhmeanna uile, nó aon fheidhm amháin nó níos mó, an údaráis pleanála faoin Acht seo a chomhlíonadh agus chun bheith freagrach go hiomlán astu.

Féadfaidh an OPR, tar éis dó réamhscrúdú a dhéanamh, a chinneadh gan scrúdú iomlán a dhéanamh nó, sna himthosca seo a leanas, gan réamhscrúdú a dhéanamh nó deireadh a chur le réamhscrúdú, sa chás:

• nach féidir bunús a thabhairt don ghearán nó go bhfuil sé fánach/cráiteach;

• nach bhfuil aon leas san ábhar ag an bpearsa a rinne an gearán nó ag an bpearsa a bhfuil an gearán déanta ina leith;

• nár ghlac an phearsa a rinne an gearán bearta réasúnacha chun sásamh a lorg i leith ábhar an ghearáin leis an údarás pleanála atá i gceist nó nár thapaigh an phearsa na nósanna imeachta achomhairc/athbhreithnithe atá ar fáil; agus

• go bhfuil imeachtaí dlí tionscanta maidir leis an ábhar.

Feidhm Oideachais agus Taighde

Tá cumhachtaí ag an OPR freisin chun cláir oiliúna agus oideachais a chur ar fáil do bhaill na n-údarás pleanála agus na dtionól réigiúnach agus baill foirne na n-údarás sin maidir lena gcuid ról agus le hábhair a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inchothaithe.

Déanfaidh an OPR taighde i ndáil leis na hábhair is iomchuí maidir lena fheidhmeanna agus leagfar amach na gníomhaíochtaí sin i dTuarascáil Bhliantúil an OPR.

Déanann sí athbhreithniú ar an eagrúchán, na córais agus na nósanna imeachta a mbaineann údaráis phleanála úsáid astu agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna pleanála faoin Acht. Measann an Oifig cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh:

  • go ndearnadh cinntí de réir na reachtaíochta pleanála, na dtreoirlínte pleanála nó na dtreoracha beartais arna n-eisiúint ag an Aire,
  • go mbítear ag déanamh idirdhealú sistéamach de chineál ar bith nuair a bhítear ag déanamh cinntí pleanála,
  • go bhféadfadh na nósanna imeachta a úsáidtear aon rioscaí féideartha éillitheachta a chruthú, agus
  • cé acu is amhlaidh nó nach amhlaidh go mbítear ag baint úsáid as caighdeáin chuí riaracháin.

Foilsíodh Ráiteas Straitéise 2019-2024 an OPR i mí Dheireadh Fómhair 2019, de réir Alt 31T den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú. Leagtar amach sa Ráiteas Straitéise spriocanna ardleibhéil, gníomhaíochtaí agus clocha míle an OPR d’fhonn maith a dhéanamh dár mandáid reachtúil.

Nuair a bhíothas i mbun an Ráitis Straitéise, baineadh tairbhe as tuairimí a roinn an pobal agus eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí le linn próiseas comhairliúcháin sé seachtaine agus is mian leis an Oifig aitheantas a thabhairt dóibh sin. Beidh forléargas ar aighneachtaí a deineadh ar fáil go luath agus mar a mhúnlaigh siad an Ráiteas Straitéise.

Bunaíodh an bunús dlí don Oifig leis an Acht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú), 2018, agus leagtar ról agus feidhmeanna na hOifige amach ann. Áirítear orthu sin na nithe seo a leanas:

• Measúnú a dhéanamh ar an réamhphleanáil ar fad a dhéanann údaráis áitiúla agus tionóil réigiúnacha, lena n-áirítear pleananna forbartha, pleananna ceantair áitiúil, straitéisí réigiúnacha spásúla agus eacnamaíocha, etc.  Cuirfidh an Oifig tuairimí reachtúla in iúl agus pleananna reachtúla á ndréachtú chun comhsheasmhacht a chinntiú le beartais ábhartha réigiúnacha nó náisiúnta;

• Athbhreithniú eagrúcháin a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta a mbaineann aon údarás pleanála, an Bord Pleanála san áireamh, úsáid astu agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna pleanála, lena n-áirítear measúnú a dhéanamh ar an mbaol go mbeadh drochriarachán nó éilliú ann.  Níl aon ról ag an Oifig, áfach, maidir leis na feidhmeanna sin atá ag údaráis áitiúla agus ag an mBord Pleanála i ndáil le breithniú a dhéanamh ar aon iarratais phleanála aonair nó ar aon achomhairc a dhéantar ina leith, maidir le haon chásanna atá á mbreithniú ag an Ombudsman nó ag an gcóras ceartais choiriúil ná maidir le haon chásanna atá faoi athbhreithniú breithiúnach;

• Cláir náisiúnta thaighde, oiliúna, oideachais agus faisnéise poiblí a bhrú chun cinn. Bunóidh an Oifig an dea-chleachtas ó thaobh nithe pleanála de agus tarraingeoidh sí aird ar an ról a imríonn pleanáil chuí agus ar an tairbhe a bhaineann léi.

Niall Cussen

Is é Niall Príomhfheidhmeannach agus an Rialaitheoir Pleanála in Oifig an Rialaitheora Pleanála a bhunaigh an Rialtas in Aibreán 2019.

Sular ceapadh é, bhí Niall ina Phríomhphleanálaí sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil ó mhí Iúil 2014, i ndiaidh dó a bheith ag obair sa Roinn ó mhí Eanáir 2000 roimhe sin i roinnt róil pleanála gairmiúla.

Mar Phríomhphleanálaí, bhí Niall freagrach as bheith i gceannas ar rannán réamhphleanála na roinne agus ar an bhfoireann pleanála ildisciplíneach gairmiúil chun reachtaíocht a fhorbairt mar aon le beartas uile-Rialtais maidir le pleanáil agus nithe gaolmhara a fhorbairt.  Áiríodh leis sin an Creat Pleanála Náisiúnta mar chuid de Thionscadal Éireann 2040 mar aon leis an bPlean Forbartha Náisiúnta.

Sular thosaigh sé ag obair sa roinn in 2000, bhí gairm bheatha fhairsing ag Niall i bpleanáil agus é ag obair d’údaráis áitiúla i gContae an Chláir, Contae na Mí, i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus sa Bhord Pleanála, áiteanna inar oibrigh sé i ngach gné den phróiseas pleanála.

Tá cáilíochtaí ag Niall san eacnamaíocht agus sa tíreolaíocht, sa phleanáil réigiúnach agus uirbeach agus san innealtóireacht timpeallachta ó Ollscoil Mhá Nuad (1987), An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath (1989) agus Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath (1995). Tá sé ina chomhalta d’Institiúid Pleanála na hÉireann agus bhí sé ina Uachtarán ar an Institiúid sin tráth.

Anne Marie O’Connor 

Is í Anne Marie an Leas-Rialaitheoir Pleanála agus Stiúrthóir Measúnachta maidir le Pleananna na nÚdarás Áitiúil in Oifig an Rialaitheora Pleanála. Tá sí freagrach as pleananna forbartha na n-údarás áitiúil, pleananna limistéar áitiúil, agus athruithe orthu sin ar fad a mheas, mar aon le bheith freagrach as aon athbhreithniú nó leasuithe i ndáil le straitéisí eacnamaíochta agus spáis réigiúnaigh. Is é is aidhm leis na measúnachtaí seo ná a chinntiú go bhfuil na pleananna ag teacht le beartais náisiúnta agus réigiúnacha iomchuí agus pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a chur ar fáil.

Tá breis is 20 bliain taithí ag Anne Marie ina pleanálaí san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach araon.  Sular thosaigh sí ag obair leis an OPR in 2020, bhí Anne Marie ag obair ina Leas-Stiúrthóir Pleanála sa Bhord Pleanála agus bhí sí freagrach as achomhairc phleanála a bhainistiú agus a mhaoirsiú agus le déanaí threoraigh sí an fhoireann um Fhorbairt Bonneagair Straitéisigh agus Timpeallachta. Roimhe sin bhí sí ina Cigire Pleanála Sinsearach leis an mBord. D’oibrigh sí ina pleanálaí le húdaráis phleanála sa Ríocht Aontaithe agus san earnáil phríobháideach in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe araon.

Chomh maith le Máistreacht sa Phleanáil Uirbeach agus Réigiúnach a bheith aici ó UCD (1996) tá bunchéim ag Anne Marie san Eacnamaíocht (UCD, 1994), Máistreacht sa Bhainistíocht Phoiblí (IPA, 2013) agus tá dioplóma i mBainistíocht EIA agus SEA (UCD 2010), agus dioplóma sa Dlí Pleanála agus Timpeallachta (King’s Inns, 2019) aici. Is comhalta d’Institiúid Pleanála na hÉireann í Anne Marie.

Gary Ryan

Is é Gary an Stiúrthóir ar Athbhreithnithe agus Iniúchtaí Pleanála agus tá sé freagrach as bheith i gceannas ar phróiseas a bhunú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na córais agus na nósanna imeachta a úsáidtear sna 31 údarás pleanála sa stát agus sa Bhord Pleanála chun a gcuid feidhmeanna pleanála a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, déanann Gary maoirseacht ar an bpróiseas chun déileáil le gearáin ón bpobal maidir le córais agus nósanna imeachta dá leithéid.

Sular ceapadh é san OPR, chaith Gary 18 mbliana ag obair sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil. Le gairid anuas chuir sé an tAcht um Pleanáil agus Forbairt (Leasú) 2018 trí Thithe an Oireachtais, ina ndearnadh foráil chun Oifig an Rialaitheora Pleanála a bhunú. I measc na ról a bhí aige roimhe sin áirítear oibriú ar sheirbhísí do dhaoine gan dídean, an clár infheistíochta caipitil do thithíocht shóisialta, lena n-áirítear tionscnaimh athghiniúna i mBaile Munna agus Luimneach, don phreasoifig mar aon leis na scéimeanna dreasachta cánach d’athnuachan uirbeach a chur i bhfeidhm.

Chomh maith le MA sa Phleanáil Baile agus Tuaithe, tá BA ag Gary sa Tíreolaíocht agus sa tSocheolaíocht agus tá Ard-Dioplóma aige sa Dlí Timpeallachta agus Pleanála.

Joanna McBride

Is í Joanna an Stiúrthóir ar Thaighde, Oiliúint agus Seirbhísí Corparáideacha agus tá sí freagrach as feidhmeanna reachtúla na hOifige maidir le taighde pleanála, oiliúint agus feasacht an phobail, chomh maith leis sin, déanann sí maoirseacht ar ghnóthaí corparáideacha na heagraíochta, inter alia, airgeadas, HR agus rialachas corparáideach.

Sular thosaigh sí ag obair in Oifig an Rialaitheora Pleanála, bhí Joanna ag obair i réimse éagsúil de róil shinsearacha airgeadais agus chorparáideacha laistigh de na hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Áiríodh leis na róil sin corparáidí ilnáisiúnta, institiúid ardoideachais agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD) i bPáras.

Le gairid anuas, bhí Joanna i gceannas ar an OPR  a bhunú go corparáideach mar chuid dá ról sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus, i bpoist a bhí aici roimhe sin, bhí sí i gceannas ar thionscadal um bainistíocht athruithe in institiúid ardoideachais, rinne sí tuairisciú airgeadais san earnáil phríobháideach a bhainistiú agus d’oibrigh sí ar thionscadail a raibh maoiniú faighte acu  ón gCoimisiún Eorpach.

Is cuntasóir cáilithe í Joanna agus tá sí ina hánra de Chomhlachas na gCuntasóirí Deimhnithe Cairte, ina theannta sin tá Ard-Dioplóma aici sa Dlí Timpeallachta agus Pleanála ó Chumann Onórach Óstaí an Rí.

Ní dhéanann sí athbhreithniú ar ghearáin ó dhaoine faoi chinntí aonair ó údaráis phleanála, An Bord Pleanála san áireamh, is cuma cé acu a mbaineann siad le cead pleanála nó a mbaineann siad le forfheidhmiú.