Tá modheolaÃocht thrialach foilsithe ag an OPR inniu, an 22 Bealtaine, chun tabhairt faoi athbhreithnithe ar chórais agus nósanna imeachta na n-údarás áitiúil maidir le feidhmÃocht a gcuid feidhmeanna pleanála.
Tá an MhodheolaÃocht Thrialach le fáil le léamh anseo
Mar a leagtar amach inár Ráiteas Straitéise , tá an OPR ag cur clár d’athbhreithnithe i bhfeidhm ina mbeidh gach údarás áitiúil faoi réir athbhreithniú ginearálta ar fheidhmeanna pleanála ar bhonn clár timthriallach sna 6 bliana atá le teacht.
Scrúdófar faoin gclár córais agus nósanna imeachta comhaimseartha atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla i bhfeidhmiú feidhmeanna pleanála reachtúla de réir théarmaà tagartha an OPR agus aithneofar sna hathbhreithnithe dea-chleachtais agus réimsà a d’fhéadfaà a fheabhsú chomh maith le foghlaim a chur chun cinn ar fud na hearnála rialtais áitiúil.
In 2019 a tosaÃodh ag forbairt na modheolaÃochta le cabhair ón Roinn TithÃochta, Pleanála & Rialtais Ãitiúil (DHPLG), an Coimisiún Náisiúnta Maoirseoireachta & Iniúchóireachta (NOAC), an earnáil rialtais áitiúil, an Bord Pleanála agus na hinstitiúidà náisiúnta pleanála. Baineadh leas freisin as rannpháirtÃocht páirtithe leasmhara nÃos leithne i bhforbairt na modheolaÃochta
Tá sé beartaithe ag an OPR tús a chur le clár athbhreithnithe amach sa bhliain, faoi réir chomhairle sláinte poiblà an Rialtais maidir le COVID-19. Déanfaidh an OPR ansin an clár a scaoileadh amach go mór sa bhliain 2021 agus blianta ina dhiaidh sin.
Rinneadh an mhodheolaÃocht a fhorbairt lena chinntiú go ndéanfaà an clár athbhreithnithe ghinearálta a chur i bhfeidhm ar bhealach atá cóir agus leanúnach. Leagtar amach ann na hionchuir agus céimeanna éagsúla atá le glacadh ag an OPR, ag athbhreithneoirà an OPR agus ag na húdaráis áitiúla. Nuair a bheidh na chéad athbhreithnithe tugtha chun crÃche faoi lár na bliana 2021, déanfar an mhodheolaÃocht a nuashonrú, de réir mar is gá, agus áireofar ann aon nà a foghlaimÃodh ón gcéim threorach.
Tá an OPR le painéal a chur i dtoll a chéile de dhaoine atá cáilithe go cuà chun tabhairt faoi athbhreithnithe. Beidh iarraidh ar thairiscintà ina leith seo ar láithreán gréasáin e-tenders (www.etenders.gov.ie) ón 25 Bealtaine lena nglacfar le hiarratais go dtà an 24 Meitheamh 2020.
Déanfar láithreán gréasáin an OPR a nuashonrú ó am go ham maidir le sonraà i dtaobh athbhreithnithe reatha nó athbhreithnithe a bheidh ag teacht chun cinn.