Modheolaíocht Thrialach foilsithe ag an OPR chun Tabhairt faoi Athbhreithnithe ar Chórais agus Nósanna Imeachta na nÚdarás Áitiúil i leith Fheidhmíocht na bhFeidhmeanna Pleanála

Tá modheolaíocht thrialach foilsithe ag an OPR inniu, an 22 Bealtaine, chun tabhairt faoi athbhreithnithe ar chórais agus nósanna imeachta na n-údarás áitiúil maidir le feidhmíocht a gcuid feidhmeanna pleanála.

Tá an Mhodheolaíocht Thrialach le fáil le léamh anseo

Mar a leagtar amach inár Ráiteas Straitéise ,  tá an OPR ag cur clár d’athbhreithnithe i bhfeidhm ina mbeidh gach údarás áitiúil faoi réir athbhreithniú ginearálta ar fheidhmeanna pleanála ar bhonn clár timthriallach sna 6 bliana atá le teacht.

Scrúdófar faoin gclár córais agus nósanna imeachta comhaimseartha atá i bhfeidhm ag údaráis áitiúla i bhfeidhmiú feidhmeanna pleanála reachtúla de réir théarmaí tagartha an OPR agus aithneofar sna hathbhreithnithe dea-chleachtais agus réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú chomh maith le foghlaim a chur chun cinn ar fud na hearnála rialtais áitiúil.

In 2019 a tosaíodh ag forbairt na modheolaíochta le cabhair ón Roinn Tithíochta, Pleanála & Rialtais Áitiúil (DHPLG),  an Coimisiún Náisiúnta Maoirseoireachta & Iniúchóireachta (NOAC), an earnáil rialtais áitiúil, an Bord Pleanála agus na hinstitiúidí náisiúnta pleanála. Baineadh leas freisin as rannpháirtíocht páirtithe leasmhara níos leithne i bhforbairt na modheolaíochta

Tá sé beartaithe ag an OPR tús a chur le clár athbhreithnithe amach sa bhliain, faoi réir chomhairle sláinte poiblí an Rialtais maidir le COVID-19. Déanfaidh an OPR ansin an clár a scaoileadh amach go mór sa bhliain 2021 agus blianta ina dhiaidh sin.

Rinneadh an mhodheolaíocht a fhorbairt lena chinntiú go ndéanfaí an clár athbhreithnithe ghinearálta a chur i bhfeidhm ar bhealach atá cóir agus leanúnach. Leagtar amach ann na hionchuir agus céimeanna éagsúla atá le glacadh ag an OPR, ag athbhreithneoirí an OPR agus ag na húdaráis áitiúla. Nuair a bheidh na chéad athbhreithnithe tugtha chun críche faoi lár na bliana 2021, déanfar an mhodheolaíocht a nuashonrú, de réir mar is gá, agus áireofar ann aon ní a foghlaimíodh ón gcéim threorach.

Tá an OPR le painéal a chur i dtoll a chéile de dhaoine atá cáilithe go cuí chun tabhairt faoi athbhreithnithe. Beidh iarraidh ar thairiscintí ina leith seo ar láithreán gréasáin e-tenders (www.etenders.gov.ie) ón 25 Bealtaine lena nglacfar le hiarratais go dtí an 24 Meitheamh 2020.

Déanfar láithreán gréasáin an OPR a nuashonrú ó am go ham maidir le sonraí i dtaobh athbhreithnithe reatha nó athbhreithnithe a bheidh ag teacht chun cinn.