Oiliúint Pleanála á cur i bhfeidhm ar bhonn céimneach do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil ag Oifig an Rialaitheora Pleanála

Tá Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR) ag obair i gcomhar le hAontas Rialtas Áitiúil na hÉireann (AILG) chun oiliúint pleanála a chur ar fáil do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil.

Is é cuspóir na hoiliúna eolas níos fearr a chur ar fáil do na comhaltaí tofa maidir leis an bpróiseas pleanála, a gcuid ról agus freagrachtaí laistigh den chóras pleanála, mar aon lena gcuid feidhmeanna maidir le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe a chinntiú, a athdhearbhú.

Tá na chéad seisiúin sceidealaithe don:

Déardaoin, an 10 Deireadh Fómhair, 2019 in Óstán an Radisson, Luimneach

Satharn, an 12 Deireadh Fómhair, 2019 in Óstán an Crown Plaza, Dún Dealgan

Beidh an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen i gceannas ar an gcéad seisiún agus labhróidh comhairleoirí pleanála sinsearacha ón Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil freisin.

Modúl 1 Ábhair

Tús Eolais maidir leis an gCóras Pleanála

  • An cuspóir atá le pleanáil agus an creat reachtúil/beartais
  • Róil agus freagrachtaí atá ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus ar Chomhaltaí
  • An cuspóir atá leis an OPR sa chóras pleanála
  • Ról an phobail sa phróiseas pleanála & torthaí sa phleanáil

Chun socrú a dhéanamh maidir le freastal, déan teagmháil leis an Rannóg Seirbhísí Corparáideacha i d’Údarás Áitiúil ábhartha.

Tabhair ar aird gur do Chomhaltaí Údaráis Áitiúil amháin an oiliúint seo.

Modúil sa Todhchaí

Modúl 2 (go luath in 2020)

An Próiseas maidir le Pleanáil a Dhéanamh

  • Mar a oibríonn comhaltaí tofa laistigh den chreat rialála
  • Mar a imríonn barúlacha poiblí agus measúnachtaí comhshaoil tionchar ar chinntí beartais
  • Treoirlínte ón Aire, beartas an rialtais agus Treoracha maidir leis an gcomhshaol ón Eoraip

Modúl 3

An Próiseas maidir le Bainistiú Forbartha

  • Iarratais agus cinntí pleanála
  • Achomhairc phleanála agus athbhreithnithe breithiúnacha
  • Rannpháirtíocht an phobail sa phróiseas pleanála

Modúil ina dhiaidh sin: Sonraí le fógairt

Léigh an bróisiúr oiliúna

Maidir le AILG

Acmhainn líonraithe, forbartha beartais agus oiliúna do chomhaltaí tofa sna tríocha is a haon Comhairle Contae agus Cathrach in Éirinn atá in AILG. Trína “Clár Oiliúna do Chomhaltaí Tofa”, cuirtear oiliúint ar fáil ar fud réimse leathan feidhmeanna agus gníomhaíochtaí gaolmhara in údaráis áitiúla.

Is i mí Mheán Fómhair a labhair an Rialaitheoir Pleanála ag Seimineár Oiliúna Fómhair Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann. Ba é “An Próiseas Pleanála agus Oifig an Rialaitheora Pleanála.” teideal chur i láthair an Rialaitheora.