Seolann Oifig an Rialaitheora Pleanála an Chéad Tuarascáil Bhliantúil

Buaicphointí

  • Scrúdaíodh 25 plean forbartha údaráis áitiúil éagsúil mar chuid de phróiseas reachtúil, agus 31 moladh dá bharr.
  • Chuir OPR tús leis an gcéad clár oiliúna a cuireadh i bhfeidhm go náisiúnta do chomhairleoirí áitiúla maidir lena ról sa phróiseas pleanála in 2019 – bhí breis agus 225 ball tofa tar éis páirt a ghlacadh ann faoi dheireadh na bliana 2019 – a lean ar aghaidh ar feadh na paindéime trí sheimineáir gréasáin ar líne.
  • 91 cás uathúil a d’ardaigh baill an phobail le OPR le linn 2019. Níor shásaigh ceann ar bith acu na critéir reachtúla le scrúdú a chur ar bun ar na húdaráis áitiúla a bhí i gceist. Bhain neart acu le cásanna i dtaca le hiarratais pleanála aonair nó forfheidhmiúchán pleanála nach féidir le OPR a bheith páirteach iontu, seachas ceisteanna córasacha a bhfuil sainordú ar OPR a scrúdú.
  • Coinníodh na seirbhísí pleanála ar bun d’ainneoin srianta Covid – foireann uile OPR ab obair ó chian.
  • Sa bhliain 2019 cuireadh breis agus 32,000 iarratas pleanála faoi bhráid na 31 údarás pleanála in Éirinn – ceadaíodh 90% d’iarratais bailí agus bhí níos mó ceaduithe ar arasáin ná ar thithíocht de chéad uair, mar thoradh ar iarrachtaí láidre ag an mBord Pleanála Iarratais ar Fhorbairt Straitéiseach Tithíochta a phróiseáil.
  • Mar sin féin, leantar den treocht ann d’fhorbairt níos tapúla i gcontaetha comaitéireachta Bhaile Átha Cliath ná i gcroílár na cathrach.
  • Tá spreagadh úr de dhíth chun rochtain níos mó ar líne a sheachadadh d’iarratais pleanála agus seirbhísí pleanála eile agus seirbhísí a mhaoiniú trí athbhreithniú ar tháillí pleanála.

Inniu, sheol Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR), comhlacht maoirseachta pleanála nua an Stáit, a chéad Tuarascáil Bhliantúil. Bunaíodh OPR in 2019 mar thoradh ar mholtaí a rinne an Binse Fiosrúcháin ar Ábhair agus Íocaíochtaí Pleanála Áirithe (Binse Fiosrúcháin Mahon).

Tugann an tuarascáil cur síos ar chuid de phríomhghníomhaíochtaí OPR le linn a chéad bhliana agus sainaithnítear ann roinnt treochtaí agus táscairí1 suntasacha a léiríonn feidhmíocht pleanála na hÉireann in 2019.

Sa Tuarascáil Bhliantúil aibhsítear na gníomhaíochtaí seo a leanas de chuid Oifig an Rialaitheora Pleanála in 2019.

  • Rinne an Oifig measúnú agus athbhreithniú ar 25 plean reachtúil de chuid údarás áitiúil. Cuireadh i bhfeidhm na moltaí go léir a rinne OPR i dtaca le 11 plean reachtúil a glacadh ag údaráis áitiúla in 2019.
  • I measc na measúnuithe a rinne an Oifig bhí 31 moladh agus 16 tuairim chuig na húdaráis áitiúla ábhartha maidir leis na pleananna reachtúla a luaitear thuas.
  • Bhain formhór na moltaí (39%) le forfheidhmiú níos fearr ar na treoirlínte ar phleanáil a d’eisigh an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta d’fhonn cur chuige comhleanúnach a dhearbhú i dtaca le nithe lena n-áirítear bainistiú riosca tuilte (2009), pleananna ceantair áitiúla (2013), pleananna forbartha a ullmhú (2007), agus beartas i dtaca le bóithre náisiúnta (2012).
  • Fuair an Oifig 91 cás uathúil a d’ardaigh baill an phobail maidir le cúrsaí pleanála in 2019. Mar sin féin, níor shásaigh ceann ar bith acu na critéir reachtúla le scrúdú a chur ar bun ar na húdaráis áitiúla a bhí i gceist. Bhain neart acu le cásanna i dtaca le hiarratais pleanála aonair nó forfheidhmiúchán pleanála nach féidir le OPR a bheith páirteach iontu, seachas ceisteanna córasacha a bhfuil sainordú ar OPR a scrúdú.
  • Chuir OPR tús leis an gcéad clár oiliúna náisiúnta ilbhliantúil do chomhairleoirí tofa áitiúla maidir lena bhfeidhmeanna pleanála in 2019 le roinnt seimineár oiliúna ar an bpróiseas pleanála ar a d’fhreastal 225 ball tofa.
  • Bhunaigh an Oifig Grúpa Náisiúnta Eolais Pleanála chun treoir a thabhairt don fhorbairt ar chláir taighde agus feasachta poiblí na hOifige.
  • D’fhorbair an Oifig freisin seirbhís leabharlainne pleanála ar líne saor in aisce, a sholáthraíonn eolas atá éasca le haimsiú i dtaca le doiciméid, páipéir taighde agus acmhainní pleanála.

Sa tuarascáil freisin aibhsítear príomhaschuir ón obair a rinne 31 údarás pleanála na hÉireann agus an Bord Pleanála in 2019 lena n-áirítear:

  • Maidir le ceaduithe d’fhorbairtí árasán, atá ríthábhachtach don fhorbairt cathrach inbhuanaithe, sháraigh siad tithíocht den chéad uair in 2019. Bhí sé seo faoi thionchar ag próiseas an Bhoird Pleanála i dtaca le Forbairt Tithíochta Straitéiseach, treoir náisiúnta leasaithe i dtaca le forbairt árasán agus Creat Pleanála Náisiúnta an Rialtais.
  • Mar sin féin, ceadaíodh 55% de na tithe go léir i limistéir Thionól Réigiúnach an Oirthir agus Lár Tíre sna ceithre chontae coimitéireachta lasmuigh de Bhaile Átha Cliath (Cill Dara, Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin) a chuireann dúshlán roimh chuspóirí pleanála an Rialtais chun dul i ngleic le sraoilleáil na limistéar mór uirbeach, Baile Átha Cliath san áireamh.
  • Cuireadh beagán os cionn 32,000 iarratas pleanála faoi bhráid údarás áitiúil in 2019 agus cé go raibh éagsúlachtaí ann i leibhéil na n-iarratas pleanála neamhbhailí, ceadaíodh beagnach 90% d’iarratais pleanála bhailí.
  • Bhí an freagra ar athrú aeráide le brath níos mó le ceaduithe suntasacha d’fhuinneamh in-athnuaite i dtéarmaí fuinnimh gaoithe agus gréine.
  • Sa bhliain 2019 méadaíodh faoi dhó na ceaduithe ó údaráis ar mholtaí d’fhorbairt tionsclaíochta agus déantúsaíochta, rud a léiríonn an tábhacht atá leis an bpróiseas pleanála don téarnamh eacnamaíoch agus don dul chun cinn.
  • Mar thoradh ar an bpaindéim Covid aibhsíodh an gá le seirbhísí pleanála nua agus feabhsaithe ar líne a sheachadadh amhail córas ar líne d’iarratais agus aighneachtaí. B’fhéidir go mbeidh gá freisin le hathbhreithniú ar na táillí pleanála reatha atá ar bun ó 2001 i leith, rud a fhágann nár cuireadh ach €24m d’ioncam in 2018 chuig na h-údaráis pleanála i gcomparáid leis an gcostas €140m chun na seirbhísí pleanála go léir a sholáthar.

Agus an Tuarascáil Bhliantúil á sheoladh aige, dúirt an Rialaitheoir Pleanála, an tUas. Niall Cussen:

“Téann ár bpróiseas pleanála i gcion go díreach ar gach saoránach sa Stát trí fhreastal ar riachtanais tithíochta, bonneagair fhisiciúil agus shóisialta, feabhas a chur ar cháilíocht ár dtimpeallachta agus cuidiú le feidhmiú eacnamaíoch na tíre. 

Go deimhin, tá níos mó gá ná riamh le pleanáil cheart éifeachtach chun cuidiú le bonn a leagan do théarnamh náisiúnta ón bpaindéim Covid-19.

Mar is ceart, tá tús áite tugtha ag an Rialtas don tábhacht a bhaineann le pleanáil agus infheistíocht chomhleanúnach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin láithreacha a bhaineann le téarnamh eacnamaíoch ón bpaindéim, agus ag an am céanna aghaidh a thabhairt ar an dúshlán domhan aeráide agus an cumas le todhchaí níos glaise a bhaint amach.

Tá OPR ag feidhmiú ag am ina mbeidh ról lárnach ag an bpróiseas pleanála sa bhealach in bhforbrófar ár gcathracha, bailte agus sráidbhailte. Seo toisc, sna sé bliana atá romhainn do ndéanfaidh OPR measúnú ar bheagnach 200 dréachtphlean ó ar fud na tíre le meas conas atá siad ag teacht le beartas pleanála agus riachtanais rialála pleanála ag féachaint lena chinntiú go ndéanfar pleanáil agus forbairt inbhuanaithe cheart ar an limistéar atá i gceist.”

Ag labhairt dó faoi ghníomhaíochtaí OPR in 2019, d’aibhsigh an tUas. Cussen gur bhliain a bhí ann inar leagadh síos bonn i dtéarmaí earcaíochta agus polasaithe agus nósanna imeachta a chur ar bun atá riachtanach don chomhlacht maoirseachta nua, ach dúirt freisin:

“Bhíomar i mbun oibre ó bunaíodh muid. Ar an iomlán, rinneamar 31 moladh agus 16 barúil i dtaca le pleananna reachtúla údarás áitiúil. Trí rannpháirtíocht onnghníomhach le baill foirne sna húdaráis áitiúla agus baill tofa, cuireadh gach moladh i bhfeidhm i dtaca leis na 11 plean a glacadh leo a bhí faoi réir ag measúnú ag OPR in 2019.

Chomh maith lena chinntiú go ritheann an próiseas pleanála go maith, ní mór dúinn a chinntiú go dtuigeann gach duine é. Is chuige sin atá oiliúint agus ardú feasachta poiblí maidir leis an dea-chleachtas sa phleanáil ar cheann dár sainchúraim lárnacha, mar sin tá sé ar intinn againn leanúint den dlúthchomhar le páirtithe leasmhara, oiliúint a sholáthar agus caidreamh le baill agus oifigigh sna húdaráis áitiúla.”

Gearáin

Tá cumhacht ag OPR gearáin a scrúdú faoi údaráis phleanála a bhaineanna le heagrú údarás pleanála agus na córais agus nósanna imeachta a mbaineann údaráis phleanála úsáid astu ina bhfeidhmeanna pleanála.

Thug an tUas. Cussen le fios go raibh sé ag tógáil ama don phobal a thuiscint gur oifig neamhspleách í OPR ina bhféadfaí gearáin chórais agus nósanna imeachta údarás áitiúil ar an iomlán thar raon nó patrún de chinntí a scrúdú, seachas leibhéal eile d’achomharc pleanála os cionn an Bhoird Pleanála, agus dúirt:

“Cé nach raibh ceann ar bith de na 91 cás uathúil a ardaíodh in 2019 ina chúis le scrúdú reachtúil foirmiúil laistigh de bhrí fheidhmeanna OPR faoin Acht Pleanála, níl saincheisteanna a ardaíonn baill an phobail gan luach toisc go dtugann siad léiriú ar an gcóras ina iomláine agus ar chaighdeán an tsoláthair seirbhíse.

I neart cásanna, baineann gearáin a dhéantar le OPR le hiarratais aonair, agus is fearr iad sin a mheas trí nósanna imeachta inmheánacha sna húdaráis áitiúla agus trí Oifig an Ombudsman, a ndearna OPR meabhrán tuisceana leo in 2019.”

Mapa Scéil

Buaicphointe sa tuarascáil is ea mapa scéil nuálaíoch chun baill an phobail a thabhairt trí obair na hOifige ar bhealach atá an-idirghníomhach agus suimiúil. D’fhorbairt foireann gheospásúil intí OPR an mapa scéil. Is í OPR an chéad eagraíocht in Éirinn, agus laistigh d’earnáil pleanála na hÉireann, lena Tuarascáil Bhliantúil a léiriú tríd an meán seo.

Dúirt an tUas. Cussen gur thug an tuarascáil bhliantúil tosaigh deis d’fhoireann OPR le bheith cruthaitheach agus le suíomh OPR a bhunú agus a chur chun cinn mar cheannródaí sa spás pleanála digití. Tá an mapa scéil ar fáil ar shuíomh gréasáin OPR agus ar an nasc seo.

Mar chríoch, thug an tUas. Cussen aitheantas do na hiarrachtaí móra a rinne a fhoireann agus raon leathan de pháirtithe leasmhara, an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta san áireamh, chun cuidiú le OPR a bhunú in 2019, ag rá go raibh sé ag feidhmiú le níos lú ná 10 ar an bhfoireann ar feadh cuid mhór den bhliain, ag feitheamh ar earcaíocht. Tá foireann iomlán, geall leis, ag OPR anois, a cheadaíonn bliain láidir eile chun maoirseacht chríochnaitheach agus neamhspleách a thabhairt ar phróiseas pleanála in 2020.


Tuarascáil Bhliantúil


Mapa Scéil

  1. Tuarascáil Bhliantúil OPR 2019: Treochtaí agus Táscairí – Bileog Fíricí

Pleanáil Chun Cinn

  • 30 plean reachtúil, nó athruithe/leasuithe a glacadh, lena n-áirítear na chéad Straitéisí Réigiúnacha Eacnamaíocha agus Spásúla
  • 43 céim i ndéanamh pleananna reachtúla fógartha do chomhairliúchán poiblí
  • Tá Pleananna Ceantair Áitiúla d’fhormhór ár mbailte móra le cur faoi athbhreithniú
  • Trí scéim pleanála i dtaca le Limistéir Forbartha Phleanála ceadaithe ó 2018

Bainistiú Forbartha

  • Rinneadh 32,314 iarratas pleanála bailí agus rinneadh cinneadh i leith 29,117 iarratas
  • Bhí 16.4% de na hiarratais go léir neamhbhailí, idir 4.1% agus 29.2% sna húdaráis éagsúla
  • Ceadaíodh 89% d’iarratais pleanála bailí
  • Dáileadh na gceaduithe: 44.5% EMRA; 36.8% SRA agus; 18.7% NWRA

Ceaduithe a Bronnadh: Cónaithe

  • Ceadaíodh 40,252 aonad cónaithe, le líon na n-árasán (20,582) ag sárú líon na dtithe den chéad uair
  • Ceadaíodh 60% d’aonaid árasáin trí SHD
  • Bhí 60% de na haonaid chónaithe go léir a ceadaíodh lonnaithe i réigiún Bhaile Átha Cliath agus an Oirthir, i.e. na ceithre údarás i mBaile Átha Cliath, agus Cill Dara, Lú, an Mhí agus Cill Mhantáin (41% i mBaile Átha Cliath)
  • B’árasáin iad 86% de na haonaid chónaithe a ceadaíodh in údaráis Bhaile Átha Cliath, is ionann sin agus 69% de na hárasáin go léir a ceadaíodh go náisiúnta
  • B’árasáin iad 73% de na haonaid chónaithe go léir a ceadaíodh i gcathair na Gaillimhe, i gcomparáid le 24% do chathair Chorcaí, 18.5% do chathair Luimnigh agus 19.2% do chathair Phort Láirge

Ceaduithe a Bronnadh: Forbairt Neamhchónaithe

  • B’í an talmhaíocht na chúis leis an achar ba mhó d’fhorbairt neamhchónaithe a ceadaíodh (>1 milliún m2)
  • Bhí an t-achar a ceadaíodh do thionsclaíocht agus déantúsaíocht (383,000 m2) a dhá oiread an méid a ceadaíodh do 2018 agus cúig oiread an méid a ceadaíodh do 2014; bhí an méid a ceadaíodh in earnáil na hoifige agus na trádála seasta ó 2018
  • Leathnaigh fuinneamh in-athnuaite, le feirm gaoithe amháin a ceadaíodh trí SID, ceithre fheirm gaoithe a ceadaíodh ar achomharc agus 28 feirm gréine a ceadaíodh ar achomharc

Achomhairc phleanála agus iarratais dhíreacha leis an mBord Pleanála

  • D’fhan an ráta achomhairc bliantúil seasta ó 2010 i leith, sa raon idir 6% agus 8% thar na mblianta
  • Thit an ráta aisiompaithe le fada anuas idir 2010 agus 2018, gan ach ardú beag go 25% in 2019
  • Fuarthas 26 iarratas SID agus cinneadh 21 cás SID
  • Fuarthas 38 iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais SID agus cinneadh 41 díobh
  • Fuarthas 118 iarratas bailí SHD, cinneadh 82 cás, agus bronnadh 67 díobh sin
  • Fuarthas 150 iarratas ar chomhairliúchán réamhiarratais SHD agus eisíodh 148 breithiúnas
  • Bhí 56% de na hiarratais go léir ar chomhairliúchán réamhiarratais SHD laistigh de réigiún Bhaile Átha Cliath

Forfheidhmiú, Gníomhú Talún, Airgeadas (Aisghabháil Costas) & Dúshláin Dlíthiúla

  • Bhí ardú 1% i líon na gcásanna forfheidhmithe a cuireadh ar bun, suas go 6,637, d’ardaigh líon na gcásanna a réitíodh 3% go 5,578 (2017 go 2018)
  • 359 suíomh liostaithe ar Chlár Suíomhanna Folmha na n-údarás áitiúil de luach €144.5m
  • Bhí an costas chun seirbhisí pleanála a sholáthar (€140m) níos airde go mór ná an t-ioncam ó tháillí pleanála (€24m)
  • Bhí 190 cás a bhain le ABP agus 46 cás a bhain leis an roinn ag deireadh na bliana 2019