Síneadh 14 lá curtha le tréimhse rannpháirtíochta poiblí maidir leis an gcóras pleanála

Tá sé aontaithe ag an Rialtas, ar iarratas ón Aire Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil, Eoghan Murphy T.D., ordú a dhéanamh, a bhfuil mar éifeacht leis síneadh 14 lá breise a chur leis na tréimhsí rannpháirtíochta poiblí go léir sa chóras pleanála, go dtí an Dé Sathairn 23 Bealtaine 2020, an dáta sin san áireamh.

Dúirt an tAire Murphy: “Beidh ról lárnach ag ár gcóras pleanála maidir le téarnamh na tíre i ndiaidh Covid-19 agus na srianta á dtabhairt chun críche. Táim ag súil gurb é seo an tOrdú deireanach den chineál seo a thabharfar faoi alt 251A den Acht um Pleanáil agus Forbairt.”

Is féidir ráiteas an Aire ar fad a léamh ANSEO

Chomh luath agus a chuirtear in iúl don OPR go bhfuil athrú ar bith déanta ar spriocdhátaí údarás áitiúil ar leith cuirfimid an t-eolas sin ar fáil.

Cé go bhfuil cruinnithe poiblí agus Comhairle chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn pleananna curtha ar fionraí, agus cúis mhaith leis sin, táthar ag leanúint d’obair sa chúlra maidir le taighde, dréachtú agus ullmhúchán agus táthar ag moladh go gníomhach don phobal an t-am atá acu a úsáid agus leanúint de bheith rannpháirteach sa phróiseas pleanála, aighneachtaí a dhéanamh trí thairseacha comhairliúcháin na n-údarás áitiúil ar líne nó sin a dhéanamh i scríbhinn.

Is féidir sonraí maidir leis an bpróiseas comhairliúcháin beo a fháil ar https://cdgserver4.com/opr/evaluation-of-statutory-plans/