An OPR ag leanúint de sheimineáir oiliúna a chur ar fáil do chomhaltaí tofa údarás áitiúil

Reáchtáil Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR), i gcomhar le hAontas Rialtais Áitiúil na hÉireann (AILG) an seisiúin oiliúna is déanaí do chomhaltaí tofa údarás áitiúil an tseachtain seo caite, Déardaoin an 13 Feabhra (in Óstán Kilmore sa Chabhán) agus Dé Sathairn (Óstán Dooley’s, Port Láirge) faoi seach.

Tríd an seimineáir, cuireadh eolas ar fáil mar aon le treoir atá ábhartha don phróiseas pleanála. Trí shraith cur i láthair, cleachtadh ilrogha idirghníomhach agus pacáistí eolais cuimsitheacha, cuireadh eolas ar fáil do bhaill tofa a bhaineann lena ról maidir le pleananna forbartha cathrach agus contae a dhéanamh.

Trí na cuir i láthair, tugadh tuilleadh sonraí maidir leis na measúnachtaí timpeallachta nach mór tabhairt fúthu mar chuid den phróiseas pleanála. Thug baill foirne shinsearacha sa Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil (DHPLG) léargas ginearálta ar na Treoirlínte nua maidir le Pleananna Forbartha atá á n-ullmhú d’údaráis phleanála. Leag baill shinsearacha d’fhoireann theicniúil an OPR amach go mionsonrach an modheolaíocht a úsáidtear chun pleananna reachtúla a mheas agus an ról atá ag an OPR sa phróiseas pleanála.

D’fhreastail líon mór comhaltaí tofa ó réimse leathan d’údaráis áitiúla éagsúla.

Thug na daoine seo a leanas óráidí do na toscairí:

  • Jim Keogan, iar-Leas-Bhainisteoir Cathrach agus Bainisteoir na Rannóige Pleanála i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath; “Ról an Chomhalta Tofa maidir le Pleananna Forbartha Cathrach agus Contae a dhéanamh.”
  • David L’Estrange, Measúnóir Tionchair agus Bainisteoir Timpeallachta, Seirbhísí Comhairleacha um Chaomhnú agus Áiseanna (CAAS); “Measúnachtaí Timpeallachta do Phleananna Úsáide Talún”
  • Stewart Logan, Comhairleoir Pleanála Sinsearach, An Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil; “Treoirlínte maidir le Pleananna Forbartha”.
  • David Nevin, Pleanálaí Sinsearach, Oifig an Rialaitheora Pleanála; “Measúnú a dhéanamh ar Phleananna”

Is é seo an dara sraith de sheimineáir oiliúna a d’eagraigh an AILG agus an OPR i ndiaidh imeachtaí a bhí ar bun i nDún Dealgan agus i Luimneach i mí Dheireadh Fómhair seo caite. Tá seisiúin eile leagtha amach do na míonna atá le teacht. Tá cóipeanna de na cuir i láthair a rinneadh ag an seimineár ar fáil thíos.

Sa ghrianghraf ó chlé go deas: Niall Cussen, an Rialaitheoir Pleanála in éineacht leis an gComhairleoir Kenny Egan, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, le linn seimineár oiliúna sa Chabhán do chomhaltaí tofa údarás áitiúil


The Role of the Elected Members in Making City and County Development Plans


Environmental Assessments for Land Use Plan


Development Plan Guidelineshere


Evaluation & Assessment of Plans