Dátaí sínidh maidir le comhchomhairliúchán poiblí deimhnithe ag Ceithre Chomhairle

Tá athbhreithniú déanta ag ceithre údarás áitiúil ar a gcuid dátaí maidir le comhchomhairliúchán poiblí i ndiaidh chinneadh an Rialtais síneadh 14 lá breise a chur leis na tréimhsí rannpháirtíochta poiblí go léir sa chóras pleanála, go dtí an 23 Bealtaine 2020, an dáta sin san áireamh.
Tá dátaí sínidh deimhnithe anois ag Comhairle Chontae Lú, na hIarmhí, Chorcaí agus Ros Comáin maidir le comhchomhairliúchán poiblí.
Cé go bhfuil cruinnithe poiblí maidir le pleananna curtha ar fionraí, is féidir leat páirt a ghlacadh go gníomhach sa phróiseas pleanála agus is féidir leat aighneachtaí a dhéanamh via tairseach ar líne an údaráis áitiúil nó i scríbhinn, agus is féidir na sonraí chun seo a dhéanamh a fháil ach cliceáil ar na naisc thíos.
Leagann pleananna forbartha contae agus limistéir áitiúil an straitéis maidir le fás agus forbairt limistéar áitiúil amach anseo amach. Téann siad i ngleic le saincheisteanna a mhúnlaíonn atá i ndán go fadtéarmach do limistéar lena n-áirítear saincheisteanna mar thithíocht, seirbhísí uisce, fuinneamh, iompar, athrú aeráide agus an timpeallacht.
Is é an cuspóir atá le hathruithe ná uasdátú nó leasú a dhéanamh ar phleananna atá ann cheana.
Trí aighneacht a dhéanamh ar pháipéar saincheisteanna, ar athrú nó ar dhréacht-phlean forbartha chontae tá páirt ghníomhach glactha agat i do phobal agus tá tú ag cuidiú lena bhfuil i ndán dó a mhúnlú.

 

An tÚdarás Pleanála Teideal Tús thréimhse comhchomhairliúcháin an Údaráis Pleanála Spriocdháta comhchomhairliúcháin an Údaráis Pleanála Spriocdháta comhchomhairliúcháin an Údaráis Pleanála nua
Comhairle Chontae Lú: (Ath-fhógairt)
Athrú beartaithe Uimh. 2 ar Phlean Forbartha Chontae Lú 2015-2021
24 -Márta-20 27-Aibreán-20 22-Meitheamh-20
Comhairle Chontae na hIarmhí >> Dréacht-Phlean Forbartha Chontae na hIarmhí 2021-2027 28-Feabhra-20 05-Bealtaine-20 30-Meitheamh-20
Comhairle Chontae Chorcaí >> Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Chontae Chorcaí 2022-2028 12-Márta-20 07-Bealtaine-20 02-Iúil-20
Comhairle Chontae Ros Comáin >> Páipéar Saincheisteanna maidir le Plean Forbartha Chontae Ros Comáin 2021-2027 27-Márta-20 05-Meitheamh-20 31-Iúil-20