Eolas tugtha ag an Rialaitheoir don ESRI faoi mar is féidir tionchar a imirt ar shláinte agus folláine le dea-phleanáil

Maidir le pleanáil a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil, ní mór a bheith feasach ar dhul i ngleic le ceisteanna ar nós teacht a bheith ar spásanna glasa, gníomhaíochtaí fóillíochta a bheith ar fáil agus gaireacht d’ionaid fostaíochta, a dúirt an Rialaitheoir Pleanála Niall Cussen inniu.

Thug an rialaitheoir óráid “Luach na timpeallachta áitiúla maidir le sláinte agus folláine: impleachtaí pleanála,” le linn chomhdháil Institiúid Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta na hÉireann (ESRI); agus thug sé achoimre ar an bhfeasacht atá ag méadú maidir leis an tábhacht a bhaineann le pleanáil spásúlachta agus fhisiceach maidir le sláinte agus folláine daoine.

Dúirt an tUasal Cussen le linn an imeachta;

“Maidir le pleanáil a dhéanamh ag an leibhéal áitiúil, táthar ag éirí níos tuisceanaí faoin riachtanas a bhaineann le dul i ngleic le míchothromaíochtaí i gcaighdeán áiteanna ó thaobh na sláinte agus na folláine de.

Tá daoine ag iarraidh maireachtáil níos cóngaraí do shaoráidí fisiceacha, d’fhostaíocht agus do nithe is díol spéise ó thaobh an chultúir agus na hoidhreachta de. Tá siad ag iarraidh turais fhada chun na hoibre sa charr a sheachaint le go mbeidh níos mó ama acu dá dteaghlach.  Sílim gur comhartha é an oiread sin tóir a bheith ar chláir teilifíse ar nós “Operation Transformation” go bhfuil daoine sa tsochaí ag iarraidh an saol a chaitheamh ar bhealach níos sláintiúla.

Trína chinntiú go n-áirítear gnéithe i bpleananna forbartha ar nós spásanna glasa dóthanacha, tithíocht atá níos cóngaraí d’fhoinsí fostaíochta, agus córas maith iompair phoiblí a bheith ann, is féidir linn cuidiú le daoine saol níos fearr agus níos sláintiúla a chaitheamh acu.”

Luaigh an tUasal Cussen freisin:

“go luath, beidh gach údarás áitiúil in Éirinn ag déanamh athbhreithniú ar a gcuid pleananna forbartha agus áitiúla, agus cuirfidh siad fáilte roimh smaointe agus moltaí ón bpobal.  Deis iontach atá ann don phobal labhairt amach agus cur chuige a chinntiú atá níos glaise agus dírithe ar phobail agus áiteanna.”.

Chomh maith leis sin, déanfaidh an OPR measúnacht ar na pleananna reachtúla seo ar bhonn neamhspleách lena chinntiú go nglacfar leo mar is ceart maidir le cuspóirí pleanála náisiúnta agus réigiúnacha.

Ag labhairt freisin le linn na comhdhála inniu bhí: An Dr Gianluca Grilli (ESRI), an tOllamh Mark Scott (an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath), an Dr Ronan Lyons (Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide), Tom Gillespie (OÉ Gaillimh), an Dr Seán Lyons (ESRI) agus an Dr Matt Crowe (Stiúrthóir na hOifige um Fhianaise agus Measúnacht, an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil).

Ceannscríbhinn: clé-deas: An tOllamh Alan Barrett, ESRI agus Niall Cussen, an Rialaitheoir Pleanála