Óráid tugtha ag an Rialaitheoir Pleanála ag Imeacht de chuid Chumann Tógálaithe Tithe na hÉireann

Thug an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen, óráid le linn ceardlainne a d’eagraigh Cumann Tógálaithe Tithe na hÉireann i gCorcaigh, Déardaoin an 5 Márta.

Bhí an cheardlann dírithe ar dhaoine atá i mbun tithe a thógáil agus bhí sé i gceist leis an gceardlann a chinntiú go mbeadh páirtithe leasmhara go hiomlán ar an eolas faoin timpeallacht rialála agus gheilleagrach atá i bhfeidhm maidir le tógálaithe tithe.

Ag labhairt dó le linn na ceardlainne, thug an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen, achoimre ar na príomhfheidhmeanna atá ag Oifig an Rialaitheora Pleanála (OPR), is iad sin; measúnú a dhéanamh ar phleananna reachtúla, athbhreithnithe a dhéanamh ar údaráis phleanála mar aon le taighde, oiliúint agus feasacht an phobail.

Le linn an chur i láthair, leag an Rialaitheoir Pleanála béim nach “cleachtadh uimhreacha” atá i gceist le pleanáil ach gurb é is mó atá i gceist léi ná “comhfhorbairt áite, ina ndírítear ar chinnteacht agus inseachadtacht.”  Chomh maith leis sin, labhair sé tuilleadh ar roinnt de na príomhthorthaí a fuarthas go dtí seo i measúnuithe pleananna an OPR.

Tríd an gceardlann, cuireadh freagraí ar fáil ar cheisteanna maidir le tithíocht agus pleanáil lena chinntiú go mbeadh an t-eolas is déanaí ag páirtithe leasmhara maidir le hathruithe sa reachtaíocht agus i rialacháin sula rachfaí i dteagmháil le gníomhaireachtaí reachtúla.