Caint tugtha ag an Rialaitheoir d’Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann

Thug an Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen, caint ag Seimineár Oiliúna Fómhair Aontas Rialtas Áitiúil na hÉireann (AILG) inniu an 12 Meán Fómhair.

Bá é “An tAthrú Aeráide agus Pleanáil – Dúshláin Nua don Rialtas Áitiúil.” teideal an tseimineáir. Reáchtáladh an t-imeacht in Óstán an Hillgrove, i gCo. Mhuineacháin.

Bá é teideal chur i láthair an Rialaitheora  “An Próiseas Pleanála agus Oifig an Rialaitheora Pleanála.“

Leagadh amach sa chur i láthair feidhmeanna an Rialaitheora agus míníodh mar a chuideoidh an Rialaitheoir le comhaltaí Údaráis Áitiúil trí eolas maidir le beartas pleanála a fheabhsú trí oiliúint, taighde agus feasacht a fhorbairt.

Maidir le hAontas Rialtas Áitiúil na hÉireann

Acmhainn líonraithe, forbartha beartais agus oiliúna do chomhaltaí tofa sna tríocha is a haon Comhairle Contae agus Cathrach in Éirinn atá in AILG. Oibríonn an tAontas trí thoscairí i ngach ceann de na comhairlí chun cuidiú le meon na comhghleacaíochta a fhorbairt i measc na gcomhaltaí tofa a fhónann don phobal i réimse éagsúil timpeallachtaí rialtais áitiúil idir uirbeach, fo-uirbeach agus tuaithe.

Ceannscríbhinn: An Rialaitheoir Pleanála, Niall Cussen in éineacht leis an gComhairleoir Luie McEntire, Uachtarán an AILG.